An leabhar ‘Éagóir’ le Seán Ó Cuirreáin seolta i mBÁC

Is i dTeach Cúirte Shráid na Faiche, Baile Átha Cliath, sa bhliain 1882 a ciontaíodh go héagórach ochtar fear as dúnmharú teaghlaigh i Mám Trasna sa bhliain chéanna.

Ba ann a éisteadh leis an chás a bhí bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle.

Crochadh triúr san éagóir agus chaith cúigear eile blianta fada dá saol i bpríosún mar gheall ar choir uafásach nach raibh baint ar bith acu léi.

Ba sa teach cuirte ceannann céanna a seoladh an leabhar úr ‘Éagóir’ le Seán Ó Curreáin ina dtugann an tIar-Choimisinéir Teanga léargas cruinn ar an scéal tragóideach seo.

Is iad Cois Life a d’fhoilsigh ‘Éagóir’.

‘Éagóir’ le Seán Ó Cuirreáin 
Close
Close