“Stormont is not fit for purpose and cannot continue working in its current format.” B’shin a dúirt Príomhaire an Tuaiscirt, Peter Robinson, ar na maillibh faoin institiúid pholaitíochta atá in ainm is a bheith ag stiúradh an phobail.
Tá caint agus níos mó cainte á déanamh le dórnán laethanta faoi chiorruithe ar luach £200,000 milliún atá le baint ó bhuiséad na stáitseirbhíse.
Anuas air sin, thug Robinson le fios ar Twitter an tseachtain gur tugadh bata scoir ó Bhord na nAirí do Nelson Mc Causeland agus Edwin Poots, agus go raibh aireachta úr i ndán do bheirt eile.
Ní féidir leis na páirtíthe polaitiúla aontú ar bhealach leis an chóras leasa shóisialaigh á leasú. Chlis ar chainteanna Haass um Nollaig. Ní léir go bhfuil páirtithe an tuaiscirt sásta comhaontú ar mhórphlean gan ionchur ó Theach Laighean nó Londain…
An bhfuil muinín an phobail á chóthú acu nó an bhfuil cluas bhodhar á tabhairt do Chomhaltaí an Fheidhmeannais?