An bhfuil baol sceimhlitheoireachta ag cur stad ort taisteal?

Scéal scanrúil truacánta é líon na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta atá imithe i méid san Eoraip agus sa Mheánoirthear i mbliana.

244 duine a mharaigh ISIS go tragóideach sa Fhrainc idir ionsaí ar oifig Charlie Hebdo (22), ionsaithe Pháras (137) agus ionsaithe Nice (85 duine). Ní féidir dearmad a dhéanamh ar ionsaithe na Beilge ná na Gearmáine ach an oiread.

Ach is i Siria agus sa Mhéanoirthear atá an chuid is measa den sléacht agus dúnmharú. Tíortha iad seo atá ar imeall na hEorpa, agus níl cosúlacht ann go bhfuil an céasadh, cogadh agus marú ag dul a laghdú go luath.

Ábhar imní agus uafáis gan amhras.

Le teacht an tsamhraidh, tá go leor cainte faoin bhaol sceimhlitheoireachta roimh Éireannaigh agus iad ag tabhairt aghaidhe ar an choigríoch dá laethanta saoire. An dtagann an t-ábhar seo chun aigne agus daoine ag dréim le seachtain sóláis faoin ghrian? Tá an t-ábhar idir chamáin ar bhosca na seachtaine seo…

Barúil ón Bhosca
Close
Close