Agus toghchán an Aontais Eorpaigh ag druidim orainn, tá cuid mhór cainte á déanamh faoi na buntáistí agus láigí a bhaineann le ballraíocht an Aontais.
Trí fheisire atá ag déanamh ionadaíochta ar son phobal an tuaiscirt faoi láthair; Martina Anderson ó Shinn Féin, Diane Dodds ón DUP agus Jim Nicholson ón UUP.
Tá an tríúr céanna i measc rogha na ngeallghlacadóirí le tromlach na vótaí a thabhairt leo arís. Gheall Príomhaire na Breataine David Cameron, go n-eagrófaí reifreann ar bhallraíocht na Breataine san Aontas Eorpach dá n-éireodh lena pháirtí sa chéad olltoghchán eile.
Deir Alex Salmond, Páirtí Náisiúnta na hAlban, go bhfuil páirtí s’aigesan i bhfách le ballraíocht an Aontais. Beidh vóta ag muintir na hAlban faoina neamhspleáchas ag tús an fhómhair.
Cén tionchar a bhéas ag an chaint pholaitiúil seo ar dhaoine agus iad i mbun vótála ag deireadh na míosa seo? D’fhiosraigh muid an scéal i measc phobal Feirste…