20,000 fostaí ar stailc i gcoinne chiorruithe Chnoc an Anfa

20,000 fostaí ar stailc i gcoinne chiorruithe Chnoc an Anfa

20,000 duine a bhí i mbun léirsithe i mbailte agus i gcathracha ar fud an tuaiscirt lena gcuid míshástáchta a léiriú leis na ciorruithe a aontaíodh faoi chomhaontú Chnoc an Anfa.

Bhí pobal na Gaeilge go láidir i measc lucht na hagóide ag cur i gcoinne ciorruithe ar sheirbhísí oideachais, seirbhísí leasa shóisialaigh agus fostaíochta.

Maíonn na Ceardchumainn go gcaillfear 20,000 post sa tseirbhís phoiblí má chuirtear ciorruithe Chnoc an Anfaigh i bhfeidhm.

D’eagraigh na ceardchumainn UNITE, GMB, INTO, UNISON, SIPTU agus NIPSA araon léirsithe i mbailte agus i gcathracha ar fud an tuaiscirt.

Cuireadh stad ar sheirbhisí iompair phoiblí an tuaiscirt, druideadh scoileanna agus laghdaíodh seirbhísí otharlainne ar feadh aon lae nuair a bhí baill na gceardchumann i mbun stailce.

Tá an Príomhaire, Peter Robinson agus an Leas-Phríomhaire, Martin Mc Guinness, le hiarracht a dhéanamh a réiteach an tseachtain seo agus an bheirt acu tarraingte siar óna dtuars bliantúil chuig an Teach Bán ar Lá Fhéile Pádraig.

Deir an tráchtáire Eamonn McCann go raibh seasamh comhaontaithe na gceardchumann i gcoinne Chomhaontú Chnoc an Anfaigh i measc na gcúiseanna gur tharraingt Shinn Féin ón socrú an tseachtain seo caite.

Deir Brian Campfield ón Cheardchumann NIPSA nach bhfuil a mbaill chun glacadh leis na beartais déine agus go mbeidh “brú á chur acu ar pholaiteoirí roimh thoghchán Westminister gan taobhú le rialtas atá i bhfách na gciorruithe poiblí”.

Bhí Meon Eile i láthair na hagóide i mBéal Feirste agus seo chugaibh léargas ar bhrainsint an phobail i leith na gciorruithe atá á moladh…

20,000 fostaí ar stailc i gcoinne chiorruithe Chnoc an Anfa
Close
Close