Údar meanman ón Bhosca faoi cheist na teanga ó thuaidh

Tá straitéis 20 Bliain don Ghaeilge dírithe ar fheabhsú agus ar chosaint na teanga foilsithe ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóilíochta.

Maidin inniu a foilsíodh straitéis na Gaeilge d’earnálacha oideachas, seirbhísí poiblí, an pobal agus na meáin.

Anuas ar seo, cuirfear tús le comhairliúchán Acht Gaeilge faoi cheann seachtaine. Beidh sé ar an tríú comhairliúchán don Acht le hocht mbliana anuas agus cinn eile ann in 2007 agus 2012.

Tá líon mór cathanna á throid ag pobal na Gaeilge faoi láthair áfach agus dúshláin roimh Choláiste Dhoire, Coláiste Ollscoile Naomh Muire agus roimh thodhchaí na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta leis.

An tAire Cultúir, Carál Ní Chuilín, atá ag stiúradh cheist an Achta sa Tionól, ach níl aon tacaíocht ann ó na páirtithe Aontachtacha.

Labhair muid leis an phobal faoina mbarúlacha i leith na reachtaíochta seo atá molta. In ainneoin na ndúshlán, tá dóchas agus misneach le sonrú sa phobal…

údar meanma ón Bhosca faoi cheist na Teanga ó thuaidh 
Close
Close