Seisiúin Barr a' Tí - Gráinne Holland

Tá muid ag leanúint ar aghaidh lenár sraith nua cheoil i gcomhpháirtaíocht le Raidió Fáilte, agus sa tríú heagrán seo de ‘Seisiúin Barr a’ Tí’ cuirimid an t-amhránaí Gráinne Holland i bhur láthair.

Is as Béal Feirste do Ghráinne ó dhúchas agus tá clú agus cáil anois uirthi anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.

Feictear sa tsraith seo go bhfuil athnuachan thraidisiún na hamhránaíochta Gaeilge ag croí a cuid ceoil.

Tá níos mó eolais faoi Ghráinne agus a hamhránaíocht álainn le fáil ar www.grainneholland.com

Seisiúin Barr a' Tí - Gráinne Holland.

Close
Close