Rialtas úr ar leac an dorais ó dheas

Ar an lá seo an tseachtain seo caite shíl muid go mbeadh rialtas úr i bhfeidhm ó dheas faoin tráth seo, ach is mór an seans go mbeidh muid ag fanacht seachtain eile…

An chuma a bheadh ar an rialtas úr ná rialtas mionlaigh Fhine Gael le tacaíocht ó Fhianna Fáil agus roinnt teachtaí neamhspleácha.

Tá comhaontú déanta anois idir Fianna Fáil agus Fine Gael agus cáipéis curtha i gcló acu a bhaineann lena dtéarmaí agus coinníollacha den chomhaontú seo;

Tá tréimhse ama faoi leith leagtha amach maidir le scrúdú a dhéanamh ar tháillí uisce agus iad a chur ar fionraí, sula gcuirfear vóta ar bun sa Dáil faoin ábhar. Cuirfidh deireadh leis an deontas caomhnaithe uisce ar fad.

Deirtear go mbeadh ardú 15% ar liúntas cíosa agus Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta, agus go mbeadh líon na nGarda Síochana á mheadú suas go 15,000.

Cé go bhfuil go leor cainte faoi chúrsaí tiíthíochta, cúrsaí oideachais, cúrsaí sláinte agus pá san earnáil phoiblí… níl sé chomh beacht céanna, gan mórán sonraí nó figiúirí ina dtaobh.

Anois tá sé fágtha ag Fine Gael comhaontú a dhéanamh eatarthu féin agus ar a laghad 8 TD neamhspleácha sula gcuirfí rialtais mionlaigh ar bun.

Ag caint taobh amuigh de Theach Laighean i ndiaidh crúinniú le Fianna Gael, dúirt an Teachta Dála Michael Fitzmaurice (Independent Alliance) go raibh go leor oibre le déanamh go fóill. Dúirt sé fosta go raibh sé tábhachtach go nglacfaidh siad a gcuid ama le plé mar is ceart a dhéanamh agus nár chóir brú a chur orthu cinneadh a dhéanamh roimh dheireadh na seachtaine muna bhfuil siad go hiomlán sásta agus compordach.

… Ach cad é an focal ar an tsráid faoin scéal ar fad?

Rialtas úr
Close
Close