Racán cothaithe le cosc ar chultacha spóirt

Cothaíodh racán nuair a dhiúltaigh an t-ionad siamsaíochta Funderland i mBéal Feirste cead iontrála d’athair clainne a raibh culaith sacair Thuaisceart Éireann air.

Tá cosc iomlán ag an ionad siamsaíochta ar dhathanna foirne d’aon chineál. Is polasaí é seo atá i bhfeidhm acu ó 1981, nuair a thriall siad ó thuaidh don chéad uair.

Tá cosc dá leithéid ar chultacha agus geansaithe CLG agus sacar i dtithe tábhairne agus in ionaid gnó éagsúla fud fad Bhéal Feirste.

An bhfuil lá na cinnsearachta imithe in éag? Ar cheart go mbeadh cead ag daoine a rogha rud a chaitheamh go poiblí?

Labhair Meon Eile le beirt fhear, Ciarán Mag Uidhir agus Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh atá ar mhalairt tuairimíochta…

Cosc ar éadach spórt ag Funderland
Close
Close