Limistéir Ghaeltachta luaite sa Chomhairliúchán d’Acht Gaeilge

Limistéir Gaeltachta luaite sa Chomhairliúchán d’Acht Gaeilge

Tá limistéir Ghaeltachta, ceapadh Coimisinéara Teanga agus scéimeanna teanga poiblí luaite i measc na naoi dtosaíocht sa chomhairliúchán d’Acht Gaeilge ó thuaidh.

Dúirt an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín, go bhfuil moltaí an phróisis chomhairliúcháin bunaithe ar achtanna teanga atá i bhfeidhm ó dheas, sa Bhreatain Bheag agus in Albain.

“Tá mé dóchasach,” a dúirt an tAire Ní Chuilín. “Tá mé ag súil go dtapóidh an pobal an deis le haighneachtaí a sheoladh isteach agus plé a dhéanamh leo siúd atá i gcoinne Acht na Gaeilge.”

Tréimhse trí mhí atá ag an phobal le haighneacht a dhéanamh leis an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta.

D’fháiltigh Pobal roimh na moltaí ach dúirt Príomhfheidhmeannach na heagraíochta, Janet Muller, go bhfuil easpa sonraí ann.

“Tá bealach fada go fóill roimh an Aire sula reachtófar an tAcht. Caithfear amharc go cúramach arís ar na cumhachtaí ar leith a bheadh ag Coimisinéir na Gaeilge.

“Mar a sheasann na moltaí faoi láthair, tá an chuma air go mbeadh ar an Choimisinéir dhá ról éagsúla a imirt ag aon am amháin – mar imreoir agus mar réiteoir.”

Tá comhairliúchan an Achta tagtha sna sála ar thaighde a choimisiúnaigh Conradh na Gaeilge faoi bharúlacha uile-oileánda i leith na teanga.

“Dúirt 54% den mhuintir ó thuaidh go bhfuil siad i bhfábhar seirbhísí trí mheán na Gaeilge,” arsa urlabhraí an Chonartha, Ciarán Mac Giolla Bhéin.

“Sílim go léiríonn na figiúirí seo go bhfuil pobal na Gaeilge ó thuaidh ag fás, agus go bhfuil an tsuim thras-phobail ag fás fosta.”

Close
Close