Forbairt na turasóireachta ar an chloch is mó?

Forbairt na turasóireachta ar an chloch is mó?
Clochán an Aifir, pic le Wenxiang Zhong
Clochán an Aifir, pic le Wenxiang Zhong

Ar an dromchla tá cúrsaí turasóireachta ag dul ó neart go neart i dTuaisceart Éireann agus táthar dóchasach go mbeidh an earnáil thuas go fadtéarmach le himeachtaí móra 2013.

An mhí seo bronnadh gradam 5 réalt ar Ionad Cuairteoirí Chlochán na bhFormhórach, an t-aon suíomh oidhreachta domhanda ó thuaidh.

Bord Turasóireachta Thuaisceart Éireann (NITB) a bhronn agus is ar an chrann siúd a thiteann an dualgas an turasóireacht a fhorbairt is a chur chun cinn sa taobh seo tíre. Ach de réir an taighde is déanaí s’acu féin, tá laghdú 12% ar líon na dturasóirí ó thír eile go TÉ (Eanáir go Meán Fómhair 2011 v 2012).

Faoin bhliain 2020, tá cuspóir ag NITB 4.5 milliún turasóirí a mhealladh go TÉ, 50,000 post a chruthú san earnáil agus billiún punt a chur le géilleagar na háite. Ní gan dua a bhainfear an cuspóir sin amach agus táthar ann a déarfadh nach mbainfear gan níos mó daoine a mhealladh thar an teorainn isteach ná an toil chuí pholaitiúil bheith ann.

Mar sin de, bheadh an turasóireacht thuas le cur chuige a dhéanann margaíocht is poiblíocht ar an oileán ar fad.

Tuigtear go bhfuil na críocha polaitiúla ann mar atá Tuaisceart Éireann agus Poblacht na hÉireann ach maidir leis an turasóireacht de, is beag tábhacht atá leis an teorainn in intinn na dturasóirí.

Mar sin de, is mó seans go ndéanfar turasóirí a mhealladh chun an oileáin seo má chuirtear ar an eolas iad go bhfuil trí shuíomh oidhreachta domhanda ar an oileán agus gan ach turas lae eadarthu – Clochán na bhFomhórach, Brú na Bóinne agus Sceilg Mhichíl.

Comhoibriú atá i gceist ar mhaithe le cuspóir a bhaint amach; mar a bheadh siopa mór ann – custaiméirí a thabhairt isteach an doras an chéad chéim agus an chéim is tábhachtaí.

In earrach na bliana seo d’fhoilsigh an NITB ‘Intelligence Brief’ a thug le fios an dul chun cinn atá déanta ó thaobh na turasóireachta de agus an bealach is fearr chun tosaigh – ‘réamhfhaisnéis na turasóireachta’, más mian leat!

Cé go bhfuil laghdú ar an airgead atá le caitheamh ag daoine – níos lú ‘ioncam indiúscartha’ – tá rún ag 42% de ‘custaiméirí’ Phoblacht na hÉireann cuairt a thabhairt ar TÉ amach anseo. An cur síos atá air sa doiciméad ná “The ROI opportunity can be a game changer for the NI Tourism industry.”

Is léir mar sin go n-aithníonn an NITB go dtiocfadh leis an mhargaíocht cheart cor a chur i gcinniúnt na turasóireachta. Dá mbeadh an toil ann. Dá mbeadh an toil pholaitiúil ann.

Bíodh do bharúil féin agat faoi ‘Tóstal Éireann 2013’ (agus bhí ag an aisteoir Éireannach, Gabriel Byrne!) ach iarracht atá ann cur le cúrsaí turasóireachta.

Ag an seoladh, chuir Rialtas Phoblacht na hÉireann síos air mar “an tionscnamh is mó turasóireachta riamh in Éirinn.” Ní nach ionadh mar sin gur iarradh ar Thionól TÉ tacaíocht a thabhairt don tionscnamh le go mbeadh tionscal na turasóireacht ó thuaidh thuas leis fosta.

Is féidir an rún ar fad a léamh ar ‘Northern Ireland Assembly – Official Report (Hansard)’ ach is leor an sliocht seo thíos le barúil mhaith a fháil:

“ …this Assembly calls on the Executive to support and encourage Tourism Ireland’s plans for “The Gathering: An Irish Homecoming” in 2013, which will promote Ireland as a tourism destination to 70 million people worldwide; …”

Anois, sula léitear cuid den fhreagra a fuarthas is fiú cuspóir an NITB a chur i gcuimhne – faoin bhliain 2020, 4.5 milliún turasóirí a mhealladh go TÉ, 50,000 post a chruthú san earnáil agus billiún punt a chur le géilleagar na háite.

Agus is mó is fiú ‘Intelligence Brief’ an NITB a chur i gcuimhne – “The ROI opportunity can be a game changer for the NI Tourism industry.”

“…the motion is certainly tourist-orientated. However, it is a very green motion, and I am not surprised, given who tabled it. (SDLP) This is a case of … using tourism as an excuse to peddle its all-island agenda. To my mind, next year’s “An Irish Homecoming” will be hugely sentimental and very Irish in a way that I cannot and will not really identify with. It is a sort of “Mother Ireland” concept that conjures up images of leprechauns, shillelaghs, pints of Guinness, donkeys, dancing at the crossroads and thatched cottages.”

Is léir nach an drochaimsir an deacracht is mó a bhaineann le margaíocht na turasóireachta ar an oileán seo.

Agus maidir leis na piontaí Guinness thuasluaite, bhal, d’fhoisligh Fáilte Ireland liosta 2012 den díol spéise is mó ag cuairteoirí/turasóirí in Éirinn agus cad é a bhí ag barr an liosta?! Grúdlann Guinness i mBaile Átha Cliath, a mheall níos mó ná milliún cuairteoirí/turasóirí.

Bhí Zú Bhaile Átha Cliath, a mheall níos mó na milliún fosta, sa dara háit. Tá súil agam nach raibh asal ar bith ann!

Close
Close