Dúshlán na ngnólachtaí beaga

Tá méadú 13% tagtha ar líon na gcomhlachtaí nua-thionscanta in Éirinn i dtús na bliana seo i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh, de réir taighde ó lucht anailíse, Vision-net.ie. Is i mBaile Átha Cliath a cláraíodh beagnach leathchuid na gcomhlachtaí seo.

Le hais na bhfigiúirí seo, tá a dtaighde féin déanta ag ‘The Irish Independent’ atá ag maíomh go bhfuil borradh faoi cheantracha tuaithe ach amháin i gcás iarthar na tíre. I gcás theacht isteach an ghnáthduine, is é contae Dhún na nGall an contae is lú athrú ó thaobh tuarastail de, de réir thaighde an nuachtáin.

Dúradh nár leag an Tíogar Ceilteach a eireaball i roinnt ceantracha tuaithe agus gurb amhlaidh agus in oclas a d’imigh an scéal in aimsir na géarchéime. Leis na scéalta faoi bhorradh eacnamaíochtaí i mbéal an phobail arís, chuaigh Meon Eile chun cainte le daoine ó Ard an Rátha i dTír Chonaill agus ó chontae Luimhnigh faoin stad ina bhfuil cúrsaí gnó agus fostaíochta i gceantair s’acu.

Barúil ón Bhosca
Close
Close