Le gairid tháinig cáin ar mhálaí plaisteacha isteach anseo ó thuaidh chun muid a spreagadh lenár málaí a athúsáid ar mhaithe leis an timpeallacht.
Tá go leor eolais amuigh ansin anois agus fógraí ag iarraidh orainn bheith cúramach agus smaoineamh faoin luach agus faoin tábhacht a bhaineann lenár dtimpeallacht…
Iarrtar orainn gan an t-uisce a fhágáil ag rith nuair nach bhfuil tú á úsáid, na soilse a mhúchadh nuair a fhágánn tú an seomra agus na bolgáin solais a athrú go dtí cinn níos éifeachtaí. Iarrtar orainn fosta an bruscar a shórtáil agus a athchúrsáil.
Bíonn cúrsaí comhshaoil ar na hábhair mhóra a phléitear sna meáin agus ag cruinnithe idirnáisiúnta ar nós an G8 nó san Aontas Eorpach.
Tá lorg carbóin ag gach tír agus brú orthu anois é a laghdú. Táthar siad ag iarraidh níos mó grianchumhachta agus fuinneamh gaoithe a úsáid agus bíonn scéimeanna deontais ann le haghaidh rothar agus caranna leictreacha.
Cuidíonn na rudaí beaga seo uilig ach cad é a dhéanann tusa leis an timpeallacht a chaomnú? Sin a cheist a chuir muid ar roinnt scoláirí de chuid Cholaiste Mhuire, Loch an Iúir…