Ar chóir na ballaí síochana i mBéal Feirste a leagan?

Tá 99 balla síochána fud fad thuisceart na hÉireann, agus gach ceann acu 18 tróigh in airde. An chúis atá leofa ná an dá phobal, náisiúnach agus aontachtach, a choinneáil scoilte óna chéile ionas nach mbeidh troblóid ar bith eatarthu.

Cúig bliana déag i ndiadh Chomhaontú Aoine an Chéasta, tá chomhrialtas i Stormont. Tá an dá thaobh ag obair le chéile maidir le cúrsaí polaitaíochta agus gnó. Ceann de na spriocanna atá ag an chomhrialtas ná go mbeidh na ballaí síochána uilig leagtha chun talaimh faoi cheann deich mbliana.

Ta Béal Feirste ag dul ó neart go neart leis na sluaite cuairteoirí ag teacht chun an chathair a fheiceáil achan bhliain, ach cén ról atá ag na ballaí síochána i scéal reatha na cathrach? An bhfuil siad chomh tábhachtach do stair agus do chultúr Bhéal Feirste is atá na múrphictiúrí clúiteacha?

An bhfuil na daoine atá ina gcónaí sna gceantair áirithe seo sásta fiú go leagfar na ballaí? An bhfuil siad réidh go dtarlóidh seo?

Chuaigh Meon eile ag labhairt le scoláirí ó Choláiste Mhuire Loch an Iúir le ceist a chur orthu ‘Ar chóir na ballaí síochána i mBéal Feirste a leagan?’


Ar chóir na ballaí síochána i mBéal Feirste a leagan?

Beidh scéal ag Sarah de Búrca amárach maidir le seoladh na straitéise úire seo chun na ballaí síochána a leagan.

Close
Close