An léiríonn RTÉ agus BBC cothrom na féinne ina gcuid craoltóireachta?

Bh achrann i measc chraoltóirí seirbhíse poiblí an oileáin an tseachtain seo toisc an bealach ina ndearnadh plé ar chearta agus ar chothromas daonna, cearta cainte dhaoine aeracha agus cúrsaí Gaeilge ina measc.

An tseachtain seo, d’íoc RTÉ cúiteamh €85,000 le hInstitiúid Iona agus leis an iriseoir, John Waters as tráchtaireacht a rinneadh faoina seasamh i leith cearta aeracha.

Oíche Shathairn, shiúil beirt bhall ó Pussy Riot na Rúise ó ardán ar chlár teilifíse RTÉ roimh bhriseadh fograíochta. Meastar gurb iad na ceisteanna a cuireadh orthu ba chúis leis.

Rinneadh scagadh agus scrúdú ar chaint George Chittick, ball den Ord Oráisteach a d’iarr ar an phobal Protastúnach gan Gaeilge a fhoghlaim toisc gur tosaíocht phoblachtanach í an teanga, dar leis.

Tá dualgas ar chraoltóirí poiblí an dá thaobh den scéal a nochtú, ach, an measann tú go léiríonn siad cothrom na féinne sa phróiseas?

Close
Close