An bua nó bac an tsaorchaint sna meáin shóisialta?

Tá saoirse cainte ag gach duine ar an idirlíon ó bhlaganna agus fóraim chomhrá go dtí na meáin shoisiálta ach go háirithe.

Le himeacht na mílaoise, briseadh go leor scéalta nuachta agus eagraíodh feachtais dhaonna sna meáin shóisialta.

Ar an lámh eile, ar chóir go mbeadh an tsaoirse cainte seo ag gach duine? Cuir i gcás an cailín óg ‘Slane Girl’ ar náiríodh í ar fud na cruinne nuair a scaoileadh griangrafanna di ar Twitter, gan í ach 17 bliain d’aois.

D’fhiafraigh muid d’fhoireann Raidío na Life i mBaile Átha Cliath faoina dtuairimí i leith na saorchainte ar na meáin shóisialta.

Close
Close