Abhainn Bheara - Reigé agus Gormacha as Gaeilge

Is as Béal Feirste don ghrúpa ceoil Abhainn Bheara. Tháining an banna le chéile níos lú ná bliain ó shin chun an Ghaeilge a spreagadh le ceol uathúil s’acu.

Tá suim ollmhór ag an ghrúpa i gceol reigé, sna gormacha agus sa sean-nós. Bíonn siad ag canadh aistriúcháin scaoilte d’amhráin cháiliúla thar cheol bríomhar i meascán seánraí eagsúla chun fuaim úrnua a chur le teanga na Gaeilge.

Beidh Abhainn Bheara le cloisteáil beo ar Raidió Fáilte ag deireadh na míosa agus beidh siad le feiceáil in Áras Mhic Reachtainn ar 5 Márta.

Close
Close