Saol na dreapadóireachta

D’fhás Rónán Ó Ciaráin aníos i nDún Pádraig agus radharc aige ar Bheanna áille Boirche.

Chuir sé suim sa siúl sléibhe go luath ina shaol ach ansin, i ndiaidh tamaill, bhí dúshlán eile de dhíth air agus thosaigh sé ar an dreapadóireacht chomh maith.

Roimh i bhfad bhí Rónán ar a bhealach chun na nAlpa, díreach sular thosaigh sé ar a chéim in Ollscoil na Ríona, agus tá a dhúil sa spórt ag fás ó shin i leith.

Sé bliana ó shin bhí Rónán agus comhsléibhteoir dá chuid ar an chéad bheirt le mullach sléibhe ar an teorainn idir an Chirgeastáin agus an tSín a bhaint amach.

Inniu tá Rónán ina Uachtarán ar an Belfast Climbing Club’, an chéad chlub dreapadóireachta taobh amuigh den chóras ollscolaíochta i mBéal Feirste agus oibríonn sé ar bhonn deonach leis an fhoireann tarrthála ar Bheanna Boirche chomh maith.

Deir Rónán gur stíl mhaireachtála atá ann agus gur thug sé deis dó bualadh lena bhean chéile agus go leor cairde eile!

Má tá tuilleadh eolais uait faoin chlub, téigh chuig: https://www.belfastclimbingclub.co.uk

Close
Close