Ag filleadh ar scoil ó thuaidh

Inné d’oscail na scoileanna sna Sé Chontae i ndiaidh trí mhí den chianfhoglaim.

Is fadhb mhór é an druidim agus an oscailt agus an druidim arís a bhí ag dul ar aghaidh le tamall, agus tá an cheist go fóill i mbéal an phobail. Tá daoine áirithe ag rá gur chóir na scoileanna a oscailt chun oideachas ceart a thabhairt do na páistí agus daoine eile ag rá gur chóir iad a dhruidim le cosc a chur ar scaipeadh an víris.

Labhair Meon Eile le beirt oibrithe oideachais i mBéal Feirste chun tuairimí s’acu a fháil ar an ábhar, is iad sin Ciarán Mac Giolla Bhéin, an Príomhfheidhmeannach ar Chomhairle na Gaelscolaíochta, agus Nuala McCusker, úinéir an ionaid cúraim lae, Teach Mhamó.

Phléigh an bheirt acu na fadhbanna is mó a bhaineann le hathoscailt na scoileanna agus d'aontaigh siad gurb é sláinte na ndaltaí agus an mball foirne an rud is tábhachtaí agus muid ag bogadh chun tosaigh.

Close
Close