Michael Gove - ag Marú an Mockingbird?

Michaeline Donnelly

Fógraíodh ar na mallaibh go bhfuil cinneadh glactha ag an Roinn Oideachais i Sasana, agus ag an Rúnaí Stáit um Oideachas, Michael Gove go mbeidh an GCSE i Litríocht an Bhéarla ag díriú isteach as seo amach ar scríbhneoirí na Breataine agus na hÉireann – saothar ‘suntasach, d’ardchaighdeán agus dúshlánach go hintleachtach’ – úrscéal ón 19ú haois, réimse filíochta, dráma le Shakespeare agus ficsean nó dráma iar-1914 ina measc.

Ciallaíonn sé seo nach mbeidh leithéidí ‘To Kill a Mockingbird’, ‘Of Mice and Men’ agus ‘The Crucible’ ar an churaclam a thuilleadh.

Caithfidh mé a rá, mar dhuine a rinne staidéar ar Litríocht an Bhéarla, agus níos tábhachtaí arís, mar dhuine a raibh dúil bhocht agam sa léitheoireacht ón chliabhán, tá ‘To Kill a Mockingbird’ go fóill ar na leabhair is fearr dá léigh mé riamh.

Tá Atticus Finch ag barr an liosta (chomh maith le Severus Snape dar liom) i measc na gcarachtar is cothroime agus is cróga i stair na litríochta. Is leabhar é a bhaineann le ceart agus cóir, agus é ag plé le bochtaineacht agus ciníochas i Stáit Aontaithe na 1930idí. Sa lá atá inniu ann, is léir go dtiocfadh linn ar fad cúpla ceacht a fhoghlaim uaidh.

Is cuimhin liom an leabhar seo a léamh ó chlúdach go clúdach agus mé cúig bliana déag d’aois – ní thiocfadh liom mo sháith a fháil!

Mar an gcéanna le ‘Of Mice and Men’- cé nach ndearna mé é mar théacs don scrúdú, léigh mé é cúpla bliain ina dhiaidh, agus bhain mé an-sult as. Leabhar gearr gonta agus thar a bheith soléite, baineann sé leis an Spealadh Mór, rud a fhágann go bhfuil sé iontach ininste do dhaltaí an lae inniu agus muid i lár géarchéime eacnamaíochta dár gcuid féin.

Is trua dar liom téacsanna mar seo a dhíbirt ón siollabas.

Cé nach mbeidh cosc iomlán ar litríocht Mheiriceánach, beidh níos mó béime ar leithéidí Dickens, Austen, Brontë, na filí Rómánsacha agus Orwell, chomh maith le litríocht nua-aimseartha ó Stephen Kelman agus Meera Syal agus eile nach iad.

Is suimiúil liom go bhfuil Meera Syal, a bhfuil a leabhar ‘Anita and Me’ i ndiaidh a bheith curtha ar an churaclam, i ndiaidh teacht amach in éadan na n-athruithe seo ag rá go bhfuil sé ‘aisteach’ i sochaí ilchultúrtha, agus go raibh macasamhail Arthur Miller agus Harper Lee mar spreagadh di féin mar dhéagóir le bheith ina scríbhneoir.

Ní thig liom trácht a dhéanamh ar shaothar Syal, ach rinne muid féin staidéar ar Dickens, Brontë agus na fílí Rómánsacha le linn na céime, agus cé gur bhain mé sult astu, Dickens go háirithe, tá siad measartha dúshlánach do pháistí nach bhfuil léamh rómhaith acu.

Bhí an t-ádh liom féin gur fhás mé aníos a bheag nó mhór sa leabharlann, ach ní amhlaidh an scéal d’achan duine, agus dóibh siúd nach léitheoirí iad, is ar scoil a chuirtear i dtreo na léitheoireachta iad. Mar a dúirt duine amháin, is ionsaí é seo ar dhaltaí d’ábaltacht íseal léitheoireachta nach mbeidh in ann do na riachtanais nua seo.

D’aimsigh mé staitistic shuimiúil a léirigh nach nglacann ach 69% de dhaltaí GCSE Litríocht an Bhéarla faoi láthair – níl sé riachtanach sa churaclam nua. Mar sin is cosúil go bhfuil Gove agus an Roinn Oideachais ag brú dhaltaí Shasana ar shiúl ó na clasaicigh seachas ina dtreo.

Is aisteach liom fosta go bhfuil cumhacht ag Gove (duine a raibh fuath aige ar ‘Of Mice and Men’ is cosúil) cinntí mar seo a ghlacadh, seachas é a fhágáil ag na saineolaithe.

Ag deireadh an lae, is ionann litríocht mhaith agus oideachas ceart, agus tá súil agam féin, má thagann na hathruithe seo i bhfeidhm, go gcuirfidh na daltaí rompu cuid den oideachas seo a fháil d’aineoinn na dtéacsanna atá le hullmhú don scrúdú.

Close
Close