Lá Idirnáisiúnta na mBan 2021


Déanfar ceiliúradh inniu, an 8ú Márta, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Is comóradh é seo ar mhná agus ar an mhéid atá bainte amach acu i ngach gné den saol, i gcúrsaí sóisialta, polaitíochta agus eacnamaíochta.

Ba go luath sna 1900í a tosaíodh an traidisiún seo agus sa lá atá inniu ann tá ardphróifíl ag an lá domhanda. Is iomaí tír ar domhan nach bhfuil an stádas céanna ag mná is atá ag fir agus fiú anseo in Éirinn tá dul chun cinn le déanamh go fóill.

Tá go leor ban ar fud na cruinne a thugann spreagadh do chailíní óga ina saol laethúil. I mbliana agus muid ag ceiliúradh Lá Idirnáisiúnta na mBan agus Lá na Máithreacha in aon seachtain amháin, chinn muid go mbeadh sé cuí labhairt le daoine éagsúla faoina máithreacha spreagúla. 

Labhair Meon Eile le beirt bhan atá spreagtha ag a máithreacha achan lá. Ina measc tá Nia Ní Bheirne a d’inis dúinn faoina máthair, an ceoltóir aitheanta Mairéad Ní Mhaonaigh atá ag seinm ceoil le Nia ó bhí sí an-óg. 

Chuala muid fosta ó Dheirdre McAliskey faoina máthair féin, Bernadette Devlin McAliskey. Tá aithne ag daoine fud fad na cruinne ar Bernadette ach cad é mar a spreagann Bernadette a teaghlach féin ó lá go lá?

Close
Close