'Inní': an dara cnuasach gearrscéalta ag Réaltán Ní Leannáin


Díreach roimh an Nollaig, foilsíodh an dara cnuasach gearrscéalta le Réaltán Ní Leannáin. Labhair an scríbhneoir le Meon Eile faoin ionspioráid taobh thiar den leabhar Inní agus faoi na téamaí éagsúla atá faoi chaibidil ann. 

Mhínigh Réaltán go bhfuil an leabhar seo níos dorcha ná mar a bhí a céad chnuasach gearrscéalta, Dílis. Is é seo an ceathrú leabhar léi san iomlán agus saothar filíochta agus úrscéal scríofa aici chomh maith go dtí seo.

Ní bhíonn sí ag díriú ar théamaí ar leith ach go scríobhann sí gach scéal díreach mar a thagann siad chuici. Mar chuid de phróiseas na scríbhneoireachta, breacann Réaltán nótaí beaga síos i leabhar nótaí agus más féidir léi smaoineamh nó gné ar leith a úsáid, tógann sí air de réir a chéile.

Bhí ról ar leith ag aintín Réaltáin, Josie, leis an chnuasach seo a chur le chéile. D'inis Josie scéaltaí faoina hóige féin do Réaltán agus spreag seo í le scéaltaí ar nós Baba Jo a scríobh. 

Inní foilsithe ag an teach foilseoireachta Éabhlóid agus tá sé ar ar fáil óna suíomh nó ó An Ceathrú Póilí.

Close
Close