'Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931-1981' le Noel Ó Gallchóir

Tá leabhar nua scríofa ag Noel Ó Gallchóir a chlúdaíonn stair Aisteoirí Ghaoth Dobhair ó bunaíodh an cumann in 1931 go dtí 1981. 

Bhí tionchar mór ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair ar Noel agus é ag fás aníos agus spreagadh é chun stair an chumainn a fhiosrú agus leabhar a fhoilsú ar an ábhar. 

Labhair Noel linn faoin saothar cuimsitheach san fhíseán thuas.

Is é Caomhán Ó Scolaí a rinneadh an dearadh don leabhar, agus tá Noel iontach sásta leis an obair a rinne sé. Ba mhaith leis buíochas a ghabháil fosta lena bheirt mhac, Aodh agus Seán, a chuidigh leis an leabhar a chur le chéile.

Beidh seoladh 'Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931-1981' ar siúl in Amharclann Ghaoth Dobhair ar an 27 Márta 2021 ach beidh duine ar bith in ann amharc air ar líne. Tuilleadh eolais anseo: https://www.facebook.com/ADobhair

Close
Close