Cás na Cultúrlainne: ar an mhargadh

Tháinig sé chun solais an tseachtain seo chuaigh thart go bhfuil Cultúrlann McAdam Ó Fiaich atá suite i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta in iarthar Bhéal Feirste ar díol ar £625,000.

Tá sé ráite ag úinéirí an fhoirgnimh, an Springfield Charitable Association (SCA), go mbeidh an margadh déanta taobh istigh de thréimhse ghairid ama. 

Tá cinneadh déanta ag bord na heagraíochta sin foirgneamh na Cultúrlainne a dhíol le go mbeidh siad in ann plean forbartha a chur i gcrích agus ionad úrnua a thógáil ar Shráid Cupar, ionad a bheas in úsáid ar leas an phobail áitiúil.

I rith na 25 bliain atá an Chultúrlann ag feidhmiú ag 216 Bóthar na bhFál, cuireadh spás agus tacaíocht ar fáil do Mheánscoil Feirste (Coláiste Feirste an lae inniu), don nuachtán Lá, d’Aisling Ghéar agus d’Aisteoirí Aon Dráma, do Raidió Fáilte agus bhí mar ghorlann le haghaidh an iliomad fiontar Gaeilge eile.

Tá Meánscoil Feirste anois bogtha go suíomh nua thart ar 200 slat ón Chultúrlann agus é suite i bhfoirgneamh nua-aimseartha den chaighdeán is airde.

Tá foirgneamh nua á thógáil le haghaidh Raidió Fáilte gar do lár na cathrach agus tá comhlachtaí eile a bhí sa Chultúrlann tar éis fás go bhfuil áitreamh nua faighte acu.

In 2011 d’oscail Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, síneadh nua ar an ionad, athchóiriú a chosain breis is £1m agus a chuir dánlann nua leis an ionad mar aon le háiseanna eile a athchóiriú.

An lá inniu, tá an siopa leabhar, An Ceathrú Póilí, agus an bhialann, Bia, sa Chultúrlann, dhá dhánlann agus amharclann agus suas le leathdhosaen fiontar eile - ina measc an comhlacht léirithe teilifíse Macha Media, an iris NÓS, an compántas amharclainne Aisling Ghéar agus an crannchur carthanachta Gaelach, Taca.

Labhair Meon Eile le Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Cultúrlainne, Aisling Ní Labhraí, agus le Terry O’Neill, Príomhfheidhmeannach an SCA. 

Close
Close