Srianta ag teastáil arís i bhfianaise na bhfigiúirí is déanaí

Eoin Ó Murchú

Bhí sé sách dona roimhe ach ó tháinig an t-athraitheach Omicron den víreas Covid ar an saol is measa atá an scéal.

Níl aon eolas cruinn againn faoi cé chomh hinaistrithe is atá an leagan nua seo nó cé chomh díobhálach is atá sé ach an oiread, ach cuireann sé leis an imní agus leis an éiginnteacht faoina bhfuil i ndán dúinn.

Bhí dóchas ann go raibh an chuid ba mheasa den phaindéim thart, ach is léir anois nach mar sin atá. Ó dheas tá borradh mor ar líon na ndaoine a fhaigheann an galar, ar líon na ndaoine sna hospidéil agus ar líon na ndaoine sna hionaid dianchúraim.

Go deimhin tá na figiúirí ar ais ag na leibhéil a bhí ann bliain ó shin.

Tá sé mar an gcéanna ó thuaidh freisin. Faoi láthair bíonn timpeall 12,000 cás nua ann gach seachtain, agus ráta báis níos measa ná mar atá ó dheas.

Bliain o shin, sa dá chuid den tír bhí brú mor ann go n-osclófaí an rannóg fáilteachais, na tithe tabhairne, na bialanna agus fiú na clubanna oíche. Agus an mana “bíodh Nollaig againn” le clos ar gach aon taobh.

Rinneadh an oscailt roimh an Nollaig agus chuaigh na figiúirí as smacht, agus muid a bhualadh ag an tríú tonn.

Cinnte, bhí praghas ard eacnamaíochta le n-íoc as dúnadh ionad oibre agus fáilteachais go háirithe, ach ag deireadh thiar nach tábhachtaí sláinte an phobail ná tionchar na srianta ar an eacnamaíocht?

Anois tá muid ar ais sa tsáinn chéanna. Cheana tá figiúirí ag dul as smacht, agus tá baol soiléir ann gur chun donais a rachaidh siad mura gcuirfí srianta ar ais.

Ní chuirfeadh aon duine ciallmhar fáilte roimh a leithéid, ach ní d’aon ghnó ar mhaithe le dochar a dhéanamh don lucht gnó atá srianta á moladh ach ar mhaithe le sláinte an phobail a chosaint.

Tá feachtas ar an dá thaobh den teorainn i gcoinne na srianta a thabhairt ar ais.  “Tá siad ag déanamh dochar don ghnó” a deirtear. Ní luaitear an bhfuil riachtanas ag baint leo nó nach bhfuil.

Tá leibhéal ard vacsaínithe againn in Éirinn: timpeall 95% den daonra os cionn 12 ó dheas, agus 85% ó thuaidh. Agus tá an vacsaíniú féin faoi ionsaí go coitianta toisc go bhfuil na figiúirí fós ard in ainneoin na vacsaíní.

Is cuma do lucht na cáinte go mbeadh an scéal i bhfad níos measa murach na vacsaíní. Ar thaobh amháin, tá a lán daoine bréan den chur isteach ar an ngnáthshaol, ach tá daoine eile ann a chuireann in aghaidh srianta ar an argóint bhréagach go bhfuil cearta an duine á sárú.

Go leor de na daoine seo, diúltaíonn siad glacadh leis an eolaíocht agus maíonn siad go bhfuil comhcheilg ann le cumhacht an stáit a chur in uachtar ar an duine. Ag dul leis sin, is minic is ionann iad agus daoine a dhéanann cáineadh ar aon riaradh stáit – ar oideachas, ar shláinte, ar phleanáil, nó ar an eacnamaíocht.

Is é an dearcadh frith-rialála sin atá taobh thiar den scannal Mica i dtithe ar fud an Iarthair, agus den diúltú ag fostóirí glacadh le cearta idirbheartaíochta ar son a gcuid fostaithe i gcúrsaí gnó.

Mionlach iad, ó thuaidh agus ó dheas, ach d’fhéadfadh tionchar a bheith acu toisc go bhfuil an pobal tuirseach den ghalar agus de na srianta.

Ní mór dúinn, i mo thuairimse, sláinte an phobail an chur sa túsáit. Ach creidim freisin nach féidir ualach na srianta a fhágáil ar dhaoine a chailleann a gcuid fostaíochta, nó ar ghnólachtaí beaga atá i mbaol a ndruide.

Ó dheas, tá an neamhspleáchas ag an rialtas an cinneadh a thogáil más mian leo tacaíocht an stáit, tríd an gcóras cánach, a chur ar fáil le droch-thionchar na srianta a mhaolú.

Ach ó thuaidh, tá an Feidhmeannas ag brath ar airgead cabhrach ó Westminster.  Agus mura bhfuil Westminster sásta an t-airgead a chur ar fáil níl na hacmhainní ann le cúiteamh a thabhairt do ghnólachtaí a mbíonn orthu dúnadh ar feadh tamaill.

Sin an argóint atá ag an DUP faoi na srianta a thabhairt ar ais, agus níl aon amhras ach go mba chóir brú a chur ar Westminster le cinntiú go mbeadh na hacmhainní ag an bhFeidhmeannas na polasaithe riachtanacha a chur i bhfeidhm.

Ach má dhúnann muid ár súile ar a bhfuil ar siúl maidir leis an víreas, gheobhaidh níos mó daoine bás agus, ag deireadh thiar, déanfar níos mó dochair don eacnamaíocht agus don tsochaí.

 

Close
Close