Ról CLG sna Meáin Shóisialta – An bhfuil ról ar bith acu?

Conall Ó Máirtín

Ní rud nua é conspóid i saol CLG ach tharraing cás David White agus Aaron Devlin le gairid ceist ollmhór faoi ról CLG i ndomhan na meán sóisialta.

Is é David White ó chumann Sheáin Mhic Chumhaill i mBealach Féich an t-imreoir is déanaí le bheith curtha ar fionraí mar gheall ar tvúit a chuir sé in airde ar Twitter.

Imreoir peile agus iománaíochta é White leis an chlub agus scríobh sé tvúit ag cáineadh Bhord an Chontae mar gheall ar an dóigh a raibh athimirt le bheith ann in áit am breise agus ag cur ina luí go raibh Bord Contae Thír Chonaill níos buartha faoi ioncam ná imreoirí.

An toradh a bhí air seo – tréimhse fionraíochta 24 seachtaine.

Tháinig cás White sna sála ar chás Aaron Devlin, imreoir idirchontae le Doire agus lena chlub Baile an Doire. Tar éis cluiche ceannais sa chontae a chríochnaigh le scliúchas agus bua do Shléacht Néill, rinne Devlin cáineadh faoi na maoir a bhí i gceannas ar an chluiche ar an lá.

An toradh a bhí air seo – tréimshe fionraíochta 48 seachtaine.

Tá na tréimhsí fionraíochta seo iontach géar agus i mbarúil cuid mhaith daoine tá Bord Contae Dhún na nGall agus Dhoire tar éis léimniú isteach in uisce nach dtuigeann siad nó in uisce nár choir dóibh a bheith ann ar chor ar bith.

Is cinnte go bhfuil na Boird ag iarraidh sampla a leagan síos agus is iarracht eile é seo le cosaint a thabhairt do réiteoirí agus na Boird féin. Sin ráite i mo thuairimse níor cheart do na Boird Chontae na pionóis seo a ghearradh ar na himreoirí seo, ar chúpla fáth.

Ar dtús, ní imreoirí proifisiúnta iad na himreoirí seo – is imreoirí amaitéaracha iad. Ní fhaigheann siad íocaíocht ar son an cluiche a imirt mar sin de ní fostaithe iad.

Ní féidir iad a chur sa chás céanna lena leithéid d’imreoir Minnesota Vikings Adrian Petterson a cuireadh ar fionraí ón NFL mar gur bhuail sé a mhac.

Is rud amháin eile na rialacha a chur i bhfeidhm ach sna cásanna seo níl aon rialacha briste ag na himreoirí club seo. Cinnte tá treoirlínte foilsithe ag CLG maidir le húsáid na meán sóisialta ach níl na treoirlínte seo mar chuid den Treoir Oifigiúil.

Tá na himreoirí seo ar fionraí mar gur tharraing siad ‘drochchlú ar CLG’.

An gciallaíonn sé seo anois go mbeidh CLG ag amharc ar achan eile rud atá curtha suas ar Twitter agus ar Facebook?

Má tá pictiúir in airde d’imreoirí ar meisce an féidir le CLG iad a chur ar fionraí mar gheall ar dhrochchlú a tharraingt ar CLG?

Cén fáth a ritheann na rialacha seo le himreoirí ach is féidir le hanailísí a rogha rud a rá faoi imreoirí, bainisteoirí agus réiteoirí?

Tá na treoirlínte seo ann chun comhairle a thabhairt d’imreoirí.

Tá siad úsáideach agus ann le bheith cinnte de nach mbeidh aon duine glactha os comhair na cúirte mar gheall ar rud atá ‘foilsithe’ ar Twitter mar gheall ar na cluichí Gaelacha.

Is sampla iontach é cás Tommy McGuigan, iar-imreoir Thír Eoghain a tharraing airde na bpóilíní mar gheall ar tvúit frith-sheimíteach a scríobh sé.

Mar sin de má tá aon dlí sáraithe ag White agus Devlin ba cheart ligint do na cuairteanna é a shócrú.

Leis na meáin shóisialta is féidir l’achan duine bheith ina iriseoir agus má tá dlíthe ar bith briste acu is féidir leis na reiteoirí agus na Boird Chontae cás a thabhairt os comhair na cuirte. Ach níl seo déanta acu, cén fáth? Mar níl aon dlí briste acu.

I mo bharúil léiríonn na cásanna seo ar bhealach an frustrachas atá ar imreoirí, go speisialta imreoirí club. Má tá cúis gearáin acu cén áit gur féidir leo dul? Áit ar bith.

Níl cothrom na féinne faighte ag imreoirí club agus tá frustrachas millteanach orthu dá bharr. In áit daoine a chur ar fionraí, b’fhearr do CLG aird a tharraingt ar stádas peile na gclubanna sna contaetha agus an dóigh a bhfuil siad ag caitheamh le himreoirí club.

B’fhearr do CLG bheith buartha faoin méid atá ag titim amach ar na páirceanna seachas ar na meáin shóisialta.

Close
Close