Idir Mise agus Tusa - An Bhean Fáistine

Idir Mise agus Tusa - An Bhean Fáistine

Is bean fáistine í ach cé chomh maith agus atá sí ag léamh na todhchaí? An gciallaíonn Rolls Royce saibhreas mór i gcónaí? An ionann grá agus saibhreas de chineál eile? Sin iad na ceisteanna móra atá in agallamh na seachtaine seo idir Aoife agus Caolán as Béal Feirste.

Idir Mise agus Tusa

Bean

Céad fáilte romhat isteach anseo.

Suigh síos anois ar stóilín.

Inseoidh mé do rúin ar fad

I gcionn bomaite, a stóirín.

Fear

Níl deifre orm ar chor ar bith.

Tá mé sásta anseo go fóillín.

An mbeidh an Rolls Royce slán sa chlós amuigh?

Nó thiar ag bun an bhóithrín?

Bean

Mo mhíle brón, a dhuine chóir,

Nach mise féin an staicín,

Tú a fhágáil ann gan cupán tae

Nó gloine i do ghlaicín.

Fan! Fan anois! Ná suigh ansin.

Tá dusta ar an stóilín.

Ní bhfaighfeá súlachas mar sin

I measc caorach insa chróitín.

Fear

Ná bí fá bhuairt ag blúirín bruair

A thig isteach ón ghairdín,

Ach ríomh mo thodhchaí domh, a bhean;

Seo chugat cúpla scilling.

Bean

Nach tusa féin an fear gan chlaon.

Nach agat ‘tá croí mór fairsing.

Déan an cupán tae a chaitheamh siar

Is scrúdóidh muid hiarsmaí.

Fear

Ní fheicim a dhath sna duilleoga,

Ach fan… sin cloigeann láirín

Is amharc ansin, taobh thiar den láir:

Sin asal agus cairrín.

Bean

Nach tú atá glinnsúileach géar,

Chomh haireach leis an dreoilín.

Is léir duit féin, gan dabht ar bith,

An bhrí taobh thiar den mhéid sin.

Fear

Ní heol domh tada, ’bhean an tí.

Níl ionamsa ach túitín,

Ach ríomh mo rún gan bhréag anois

Is is leatsa lán mo dhoirnín.

Bean

Bhí saibhreas mór sna duilleoga

Nuair a chonaic tú an láirín,

An méid a d’fhéadfá iompar leat

Le hasal agus cairrín.

Fear

Tá airgead ag teacht im’ threo?

B’é sin do rún, a stóirín?

Nó an bhfuil a dhath ar bith sa bhreis ansin

Nach bhfaca tú go fóillín?

Bean

Tá airgead agat cheana féin,

Mar is léir don tsaol, a mhuirnín.

Is é an saibhreas atá i gceist anseo

Ná grá do chroí – do phlúirín.

Fear

Cé a thitfeadh liomsa i ngrá?

Inis domh sin, a thaiscín.

B’fhearr le bean fear saibhir i bhfad

Ná mo leithéidse de scraistín.

Bean

Tá bean óg inteacht thoir nó thiar

A ghráfadh fuaim do ghlóirín,

Is ghráfadh sí thú gan rath, gan mhaoin,

Gan phingin fiú, ná feoirling.

Fear

Cé hí féin, a bhean mhaith chóir,

Nó is í mo ghrá is m’aisling.

Cibé bean í, sí rún mo chroí

A phósfadh mé gan scilling.

Bean

Bhuel, féach isteach sa chupán seo.

An bhfeiceann tú an noinín?

Bean fáistine atá ansin.

Is í atá sa bhláithín!

Ní gá ach teacht ar bhean mar sin

Is beidh do chinniúint slán go fóillín.

Is murab eol duit bean mar sin…

Tá mé féin ar fáil, a stóirín!

Fear

Tar abhaile liom sa Rolls, mar sin.

Bain sú as seo, mo noinín.

Níl sé agam ach don oíche anocht.

Jab dian a bheith… chauffeuring!

Close
Close