Cuisle an Cheoil

Cuisle an Cheoil

D’eagraigh POBAL an chéad champa nuacheoil trí Ghaeilge a mhair ar feadh seachtaine le linn an tsamhraidh seo; Cuisle an Cheoil.

Bhí Cuisle an Cheoil ar siúl i gColáiste Feirste in iarthar Bhéal Feirste. Le linn na seachtaine bhí ceardlanna éagsúla agus máistír-ranganna ar bun.

Bhí ceoltóirí mór le rá ag múineadh ceoil do na páistí agus ag tabhairt comhairle dóibh faoin saol mar cheoltóir. Bhí ranganna giotáir, drumaí agus neart eile ina measc.

Ag deireadh na seachtaine tugadh cuireadh do na tuismitheoirí freastail ar cheolchoirm faoi leith a chuir na foghlaimeoirí ar siúl. Bhí Meon Eile i láthair don cheolchoirm speisialta seo.

Cuisle an Cheoil / Sarah de Búrca

Tá Pobal ag súil go mbeidh Cuisle an Cheoil ar ais anr an bhliain seo chugainn agus go mbeidh fás ag teacht ar gach bliain.

Close
Close