Barúil ón Bhosca – Imirce sa lá atá inniu ann...

Tá an chaint faoi ghlúin nua imirce ciúnaithe píosa le tamall anuas ach an ionann sin agus a rá go bhfuil líon na ndaoine atá ag imeacht ag laghdú?

Sonraítear idir dhóchas agus dhólas sna scéalta ó na Gaeil atá scaipthe ar cheithre haird na cruinne.

Thug Declan White ó Loch Garman a aghaidh ar an Astráil nuair a chlis ar earnáil na tógála. Ní raibh aige ach mála droma nuair a d’fhág sé an baile i 2008.

Tar éis dhá bhliain, bhunaigh sé an comhlacht tógala, Monford Group. Bhí láimhdeachas de €35 milliún ag an chomhlacht anuraidh agus anois tá 180 oibrí fostaithe acu. Dea-scéal ó aimsir na géarchéime.

Ní amhlaidh an scéal le gach éinne áfach. Labhair muidne leo siúd a rinne cinneadh fanacht anseo faoina a gcairde atá ar imirce…

Close
Close