Ag maireachtáil le diaibéiteas - le Deirdre Ní Mhurchú

Ag maireachtáil le diaibéiteas - le Deirdre Ní Mhurchú

Inniu ar Meon Eile tá ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill i mBaile Átha Cliath le labhairt le bean óg, Deirdre Ní Mhurchú, a bhfuil diaibéiteas uirthi ach a bhfuil dearcadh iontach dearfach aici fá dtaobh de.

In 1993 d’éirigh Deirdre iontach tinn agus gan í ach ceithre bliana d’aois.

Bhí sí i gcónaí tuirseach, ní raibh fuinneamh ar bith aici agus bhí tart bocht uirthi an t-am uilig.

Bhí a fhios ag a dtuismitheoirí go raibh rud inteacht mícheart agus thug siad chuig an dochtúir í.

Tar éis go leor scrúduithe fuair siad amach go raibh diaibéiteas chineál 1 ar Dheirdre, rud a tháinig aniar aduaidh ar an teaghlach uilig.

Níl móran cuimhne ag Deirdre ar an am sin ina saol ach bhí a dtuismitheoirí iontach buartha fúithi.

Bhí galar urthi agus bheadh an galar sin uirthi go dtí deireadh a saoil.

Bíonn go leor sna meáin faoi dhiaibéiteas sa lá ata inniu ann, ag rá go bhfuil ceangal idir an galar agus an dóigh a gcaitheann daoine a saol agus locht á chur ar dhaoine murtallacha nó iad siúd a ólann barraíocht alcóil.

De réir staidéir atá déanta ag an chomhlacht árachais sláinte VHI Healthcare, tá thart ar 40,000 duine in Éirinn nach bhfuil a fhios acu go bhfuil diaibéiteas chineál 2 seo orthu.

Tá daoine eile ann áfach nach bhfuil baint idir a roghanna saoil agus an cineál diaiabéitis atá orthu, agus tá scéal Dheirdre ina shampla maith de na daoine seo.

Deirdre Ní Mhurchú

Dúirt Deirdre gur mhaith léi go mbeidh an t-eolas ceart ag daoine agus go mbeadh siad ar an eolas faoin difiríocht idir diaibéiteas chineál 1 agus diaibéiteas chineal 2.

“Bíonn go leor rudaí diúltacha sna meáin ach ní ionann sin agus scéalta achan duine… fuair mise an galar seo ach ní raibh cúis ar bith leis, ní raibh me tinn, ní raibh sé ag duine ar bith sa chlann… sin mar a bhí".

Is duine thar a bheith dearfach í Deirdre agus pearsantacht ghalánta aici, ach deireann sí féin, cosúil le gach duine eile, go mbíonn drochlá aici thall is abhus, laethanta nuair ba mhaith léi ithe cibé atá sí ag iarraidh nó laethanta nach bhfuil fonn uirthi instealladh a ghlacadh.

Ach, mar a dúirt sí féin “sin an saol agus caithfidh mé glacadh leis”.

Is maith le Deirdre diriú ar na rudaí dearfacha ina saol.

Tá saol folláin aici, tá post aici mar mhúinteoir scoile agus tá a croí istigh ann. Tá cairde agus teaglach ar dóigh aici agus le roinnt blianta anuas tá go leor oibre deonaí déanta ag Deirdre, ag cuidiú le páistí agus teaglaigh eile le diaibéiteas agus galair fhadtéarmacha eile.

Close
Close