Tríd an dorchadas - Patricia Herald

Tríd an dorchadas - Patricia Herald

An tseachtain seo tá muid i Mín Doire na Slua, Dún na nGall, agus muid ag caint le Patricia Herald.

Tháinig Patricia chuig an cheantar sa bhliain 1945 nuair a uchtaíodh í ó dhílleachtlann i mBaile Átha Cliath. Ní raibh sí ach ceithre bhliain d’aois.

Ní raibh sé go raibh sí giota beag níos sine nuair a fuair Patricia amach go raibh sí uchtaithe. Dúirt sí ó shin amach go raibh i gcónaí eagla uirthi go dtiocfadh duine inteacht chun í a thabhairt ar shúil arís agus í ag fás aníos.

San am sin tháinig scaifte mhór acu ó na dílleachtlanna i mBaile Átha Cliath chun na Rosann, Gaoth Dobhair agus Chloich Cheann Fhaola.

Bhí Patricia ocht mbliana deag d’aois nuair a thosaigh sí ag cuartú a fíor-thuismitheoirí.

Dúirt sí nach bhfuair sí a dhath ach bréaga ón dílleachtlann a dtáinig sí as agus nach raibh siad ina chuidiú ar chor ar bith.

Tar eis na mblianta agus siocair diograis agus tiomantas Patricia. d’aimsigh sí a máthair ach ar an drochuair bhí sí marbh.

Fuair Patricia amach go raibh aintín agus dhá dheirfiúr aici, ar an drochuair bhí beirt dheartháiracha aici ach bhí siad marbh fosta.

Dúirt Patricia gur thug sé seo suaimhneas de chineál di, go raibh a fhios aici cé í féin anois agus cé go raibh a Máthair marbh go fuair sí an scéal ceart sa deireadh. Cé nach mbeidh duine ar bith ábalta an teaghlach a bhí aici i Mín Doire na slua a sharú. thug sí faoiseamh do Patricia gur éirigh léi caidreamh a bheith aici leis an teaghlach as ar tháinig sí, agus teaglach breá mhór aici anois.

scéal Patricia Herald
Close
Close