Tríd an Dorchadas - Eibhín Ní Dhuibheannaigh

Tá an darna cuid den tsraith ‘Tríd an Dorchadas’ ar ais ar Meon Eile inniu.

Sa phíosa seo cluineann muid faoi scéal Eibhlín Ní Dhuibheannaigh as Doire na Máinsear i nGaeltacht Thír Chonaill…

Mar a rinne na mílte Éireannach roimpi, d’imigh Eibhlin ar imirce go Meiriceá le saol níos fearr a bhaint amach, ach cosúil le go leor eile fosta, ní raibh cárta glas ar bith aici. Mar sin bhí uirthi glacadh leis nach mbeidh sí in ann theacht ’na bhaile, ar eagla nach mbeadh cead aici filleadh go SAM arís.

Sin an dóigh ar chaith Eibhlín a saol thall i Nua-Eabhrac ar feadh ocht mbliana, ag cailleadh amach ar cheiliúradh sa bhaile in Éirinn cosúil le bainiseacha agus baistí de chuid a teaghlaigh agus a cairde.

Bhí saol ar dóigh ag Eibhlín thall. Bhí post maith aici ag obair mar chúntóir pearsanta, bhí cairde aici ó achan chearn den domhan agus bhí saol sóisialta den scoth aici. Bhí saol an mhadaidh bháin aici agus í cinnte go mbeidh sí ann go deo. I mbomaite amháin áfach d’athraigh achan rud di…

Fríd an Dorchadas 

Tá Eibhlín agus Charlotte ag déanamh go maith anois. Tá Charlotte ag déanamh dul chun ceann mór i ndiaidh an stóc agus í ag déanamh rehab cúig lá sa tseachtain. Tá Eibhlín anois réite den ailse agus í ag saointiú ar an chéad ré eile ina saol agus í sásta a bheidh sa bhaile lena teaghlach don samhradh.

Close
Close