Seisiún Barr a' Tí - Las

Inniu tá muid ar ais le heagrán úr den tsraith cheoil ‘Seisiúin Barr a’ Tí’ i gcomhpháirtíocht le Raidió Fáilte.

Rinneadh taifeadadh ar roinnt bannaí agus ceoltóirí Gaelacha ó fud fad na tíre i rith Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mBéal Feirste ní ba luaithe sa bhliain.

Inniu is é an banna ceoil Las atá linn.

Tá cúigear sa bhanna, idir Éireannaigh agus Albanaigh.

Is breá leo na nascanna ceoil idir an dá thír a léiriú le ceol, amhránaíocht agus damhsa.

Canann siad i nGaeilge na hÉireann agus i nGaeilge na hAlban agus eisíodh a gcéad EP, Las, i mbliana.

Chomh maith le físeáin ar Meon Eile achan Déardaoin mar chuid de shraith 'Seisiúin Barr a' Tí' beidh tuilleadh le cloisteáil ó na ceoltóirí ar Raidió Fáilte idir 5in agus 6in.

Beidh an clár á chur i láthair ag tuairisceoir Meon Eile, Caoimhe Ní Chathail, agus Edel Ní Churraoin ó Raidió Fáilte.

Tá an-áthas orainn a bheith ag comhoibriú le Raidió Fáilte arís i mbliana. Bainigí sult as an cheol!

Is féidir éisteacht le 'Seinn O' le Las ar Soundcloud Meon Eile anseo.

Close
Close