Seisiúin Barr a' Tí - Shane Hennessy

Inniu cuireann Meon Eile, i gcomhpháirtíocht le Raidió Fáilte, tús leis an tsraith cheoil, ‘Seisiúin Barr a’ Tí’ don dara bliain as a chéile.

Rinneadh taifeadadh ar roinnt bannaí agus ceoltóirí Gaelacha ó fud fad na tíre i rith Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mBéal Feirste ní ba luaithe sa bhliain.

Sna seachtainí atá romhainn beidh daoine ar nós Inni K, Las agus IMLÉ le feiceáil.

Cuireann muid tús inniu leis an tsraith leis an ghiotáraí iontach Shane Hennessy.

D'eisigh Shane an dara halbam aige, 'Marrakech', i rith an tsamhraidh agus bhí an t-ádh orainn blaiseadh den albam sin a chloisteáil in Áras Mhic Reachtáin cúpla mí ó shin.


Chomh maith le físeáin ar Meon Eile achan Déardaoin mar chuid de shraith 'Seisiúin Barr a' Tí' beidh tuilleadh le cloisteáil ó na ceoltóirí ar Raidió Fáilte idir 5in agus 6in achan Déardaoin.

Beidh an clár á chur i láthair ag tuairisceoir Meon Eile, Caoimhe Ní Chathail, agus Edel Ní Churraoin ó Raidió Fáilte.

Tá an-áthas orainn a bheith ag comhoibriú le Raidió Fáilte arís i mbliana. Bainigí sult as an cheol!

Is féidir éisteacht le 'Marrakech' le Shane Hennessy ar Soundcloud Meon Eile anseo.



Close
Close