Seisiúin Barr a' Tí - IMLÉ

Inniu tá muid ar ais le heagrán úr den tsraith cheoil ‘Seisiúin Barr a’ Tí’ i gcomhpháirtíocht le Raidió Fáilte.

Rinneadh taifeadadh ar roinnt bannaí agus ceoltóirí Gaelacha ó fud fad na tíre i rith Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mBéal Feirste ní ba luaithe sa bhliain.

Sna seachtainí atá romhainn beidh ceoltóirí ar nós Dysania, Las agus Enda Reilly le feiceáil.

Inniu is é an banna ceoil IMLÉ atá linn.

Meascán d'fhilíocht, ceol rap agus ceol pop a bhíonn á sheinnt acu. Bhain IMLÉ amhrán, albam agus banna na bliana ag Gradaim Cheoil NÓS 2017.

D'eisigh siad a gcéad albam 'IMLÉ' anuraidh.

Chomh maith le físeáin ar Meon Eile achan Déardaoin mar chuid de shraith 'Seisiúin Barr a' Tí' beidh tuilleadh le cloisteáil ó na ceoltóirí ar Raidió Fáilte idir 5in agus 6in.

Beidh an clár á chur i láthair ag tuairisceoir Meon Eile, Caoimhe Ní Chathail, agus Edel Ní Churraoin ó Raidió Fáilte.

Tá an-áthas orainn a bheith ag comhoibriú le Raidió Fáilte arís i mbliana. Bainigí sult as an cheol!

Is féidir éisteacht le 'Críochfort' le IMLÉ ar Soundcloud Meon Eile anseo.

Close
Close