Seisiún Barr a' Tí - Enda Reilly

Inniu tá muid ar ais leis an eagrán deireanach i mbliana den tsraith cheoil ‘Seisiúin Barr a’ Tí’, i gcomhpháirtíocht le Raidió Fáilte.

Rinneadh taifeadadh ar roinnt bannaí agus ceoltóirí Gaelacha ó fud fad na tíre i rith Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mBéal Feirste ní ba luaithe sa bhliain.

Inniu is é an t-amhránaí agus giotáraí Enda Reilly atá linn.

Is iomaí amhrán i nGaeilge atá cumtha ag fear seo Bhaile Átha Cliath agus neart acu le cloisteáil ar a albam 'Amhráin Nua i nGaeilge'.

Bhain Enda Reilly comórtas amhránaíochta Christie Hennessy, comórtas amhrán Rónán Beo @ 3 agus sheinn sé a chuid ceoil fud fad na tíre.


Chomh maith le físeáin ar Meon Eile mar chuid de shraith 'Seisiúin Barr a' Tí' bíonn tuilleadh le cloisteáil ó na ceoltóirí ar Raidió Fáilte idir 5in agus 6in.

Beidh an clár deiridh á chur i láthair inniu ag tuairisceoir Meon Eile, Caoimhe Ní Chathail, agus Edel Ní Churraoin ó Raidió Fáilte.

Tá an-áthas orainn a bheith ag comhoibriú le Raidió Fáilte arís i mbliana. Bainigí sult as an cheol!

Is féidir éisteacht le 'An Nasc Nua'' le Enda Reilly ar Soundcloud Meon Eile anseo.

Close
Close