Seán agus an Luchóg

Bailitheoir – Síghle Ní Bhaoighill

Faisnéiseoir – Cathal Ó Baoighill, Árainn Mhór

http://www.duchas.ie/en/cbes/4428371/4400672/4487535

Bhí baintreach ann fada ó shin agus bhí mac amháin aici. Bhí siad iontach bocht. Lá amháin d'iarr sí ar an mhac imeacht chun aonaigh agus an bhó a dhíol.

D’imigh an mac mar a hiarradh air. Níorbh fhada gur casadh fear air. Níor aithin Seán an fear ach d’aithin an fear é agus dúirt sé leis, “Go mbeannaí Dia duit, a Sheáin”.

Dúirt Seán leis "Dia agus Muire duit. Cad é mar tá tú ar maidin?" 

"Tá mé go maith." 

"Cá háit a bhfuil tú ag dul inniu?"

"Tá mé ag dul chun aonaigh a dhíol an bhó seo". 

"An ndíolfaidh tú liomsa í, a Sheáin?"

"Cá mhéad a bheirfidh tú dom uirthi?" 

"Bheirfidh mé luchóg agus fidil duit. Má chuireann tú an fhidil ag ceol agus an luchóg ag damhsa beidh tú iontach sásta liom." 

Rinne Seán seo agus agus dúirt sé leis féin go ndéanfadh sé malairt. Thug an fear an fhidil agus an luchóg dó. D'imigh Seán 'na bhaile agus lúcháir mhór air. D'inis sé don mháthair cad é mar a tharla. Bheir a mháthair ar an fhidil agus ar an luchóg agus chaith sí amach as an teach iad. Ansin dúirt sí mura gheobhadh sé an bhó arís nach ligfeadh sí isteach sa teach é.

Fuair Seán an luchóg agus an fhidil arís agus tháinig sé a fhad le taobh an bhealaigh mhóir. Chonaic Seán fear iontach aosta ina luí ansin. Chuir Seán ceist air cad é thug anseo é. Dúirt an fear go raibh sé ag dul go caisleán an Rí ag amharc ar an bhanphrionsa óg agus go raibh sí tinn agus duine ar bith a leigheasfadh í go mbeadh sé ina theachtaire ag an Rí. 

Shuigh Seán síos ag taobh an tseanduine agus thóg sé amach an luchóg agus an fhidil agus thoisigh an ceol agus an damhsa. Bhí lúcháir mhór ar an tseanduine agus nuair a stad an ceol agus an damhsa d'éirigh an seanduine ina sheasamh. Bhí sé chomh gasta agus bhí sé ariamh. Nuair a bhí an seanduine ag imeacht thug sé giní do Sheán. Ansin dúirt Seán leis féin go rachadh sé a dh’amharc ar an bhanphrionsa a bhí tinn agus go mb’fhéidir go leigheasfadh sé í. D'imigh sé leis go caisleán an Rí. 

Chuaigh Seán isteach sa tseomra a raibh an banphrionsa ina luí ann. Thug Seán amach an luchóg agus an fhidil. Thoisigh an ceol agus an damhsa. D'éirigh an banphrionsa a bhí ina luí sa leabaidh amach ar an urlár agus fuair sí biseach. Ansin tháinig an Rí é féin isteach agus chonaic sé an banphrionsa amuigh ar an urlár. Dúirt an Rí go mbeadh sé ina phríomh-theachtaire aige-sean. Dúirt Seán ansin go bhfanfadh sé aige a choíche dá mbeadh a mháthair aige. D'iarr an Rí ar a mháthair a theacht go dtí an caisleán. Bhí lúcháir mhór ar an Rí ceann is go dtáinig an mháthair. Bhí dóigh mhaith ar Sheán agus ar an mháthair ó sin amach.

Close
Close