Saol agus Saothar - Seán Ó Cuirreáin

Inniu i Saol agus Saothar, tá Lynette Fay i mbun comhrá leis An Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin.

Conallach ó dhúchas é Séan Ó Cuirreáin. I ndiaidh dó freastal ar Ollscoil na Gaillimhe sna seachtóidí, chaith Seán trí bliana i mbun obair chaidrimh le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Thosaigh sé ag obair go páirtaimseartha le RTÉ le linn na tréimhse céanna.

Bhog Seán go Raidió na Gaeltachta i nGaillimh i 1979, áit inár chaith sé 25 bliain ag obair. Bhain sé cáil amach dó féin mar iriseoir den scoth thar na blianta agus bhí sé ceaptha mar Leascheannasaí an stáisiúin.

Bunaíodh ról an Choimisinéara Teanga mar chuid d’Acht na dTeangacha Oifigiúla a tháinig chun i bhfeidhm ó dheas i 2003, agus fuair Seán Ó Cuirreáin a phost díreach ó Uachtarán na hÉireann, Máire Mac Giolla Íosa ag an am, bliain níos déanaí.

Inniu ar Meon Eile labhraíonn Seán le Lynette mar gheall ar na dúshláin atá ós a chomhair mar Choimisinéir Teanga agus an méid atá bainte amach aige ina phost go dtí seo.

Insíonn sé faoin obair dheonach a bhí ar bun aige sa Chosaiv le déanaí agus an tábhacht a bhaineann le cearta teanga mar chuid den phróiseas síochána in áiteanna a d’fhulaing coimhlint.

Tugann Seán a thuairimí féin ar thábhacht Act na Gaeilge le cearta teanga a chosaint anseo i dTuaisceart na hÉireann.

Beidh Seán fostaithe mar “Ombudsman na Gaeilge” go dtí 2016 agus fiosraíonn Lynette cad atá ar intinn don Choimisinéir Teanga ina dhiaidh.

 Saol agus Saothar - An Choimisinéir Teanga i mbun comhrá le Lynette Fay níos túisce i mbliana

An tseachtain seo chugainn ar Saol agus Saothar, beidh Lynette i mbun comhrá leis an iar-sheanadóir Maurice Hayes.

Close
Close