Saol agus Saothar - Fergus Ó hÍr

Inniu cuireann Meon Eile tús le sraith nua agallamh, Saol agus Saothar.

Le linn na sraithe seo beidh Lynette Fay ag caint le daoine mór le rá i saol na Gaeilge chun aithne níos fearr a chur orthu agus ar a gcuid oibre sa phobal Gaelach.

Inniu, i gcéad agallamh na sraithe, tá Lynette i mbun comhrá le Fergus Ó hÍr. Tá Fergus aitheanta sa lá atá inniú ann mar bhainisteoir ar Raidió Fáilte, an chéad stáisiún raidió Gaeilge i dTuaisceart na hÉireann, agus tionscnamh a raibh baint ag Fergus lena bhunú.

Ach tá i bhfad níos mó i gceist le hobair Fergus thar na blianta, mar a fuair Lynette amach.

Mar fhear óg ag fás aníos i mBéal Feirste bhí Fergus lán-pháirteach i ngluaiseacht The People’s Democracy a throid go mór ar son cearta sibhialta ó thuaidh.

Toghadh é mar bhall de Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste i 1981. Labhrann Fergus faoin spreagadh a bhí taobh thiar den gluaiseacht chomh maith lena thuairimí féin agus é ag amharc siar ar an tréimhse sin dá shaol breis is daichead bliain níos déanaí.

Ní amháin gur fear mór polaitiúil é ach fear a chuir go mór leis an Ghaeilge i mBéal Feirste chomh maith.

Chuidigh sé leis an chéad mheánscoil Ghaeilge a bhunú i dTuaisceart na hÉireann, áit inar chaith sé deich mbliana mar phríomhoide.

Is scríbhneoir é Fergus fosta. Ta dhá leabhar foilsithe aige, ceann amháin acu, Mórbhealaí agus Cúlbhealaí, atá dirithe go hiomlán ar bhláthanna, chomh maith le neart altanna ar chúrsaí polaitíochta agus ábhair eile thar na blianta.

Tá Fergus ag obair leis go lánaimseartha le Raidió Fáilte faoi láthair, ach is dócha go bhfuil níos mó le teacht ón fhear cumasach seo go fóill.

Fergus Ó hÍr

I Saol agus Saothar an tseachtain seo chugainn, beidh Lynette i mbun comhrá le Seán Ó Cuirreáin, an Coimisinéir Teanga.

Close
Close