Súil Siar - Lá na Chéad Chomaoineach

Súil Siar - Lá na Chéad Chomaoineach

Is lá mór é an lá a ghlactar an chéad chomaoineach agus is beag duine nach bhfuil cuimhne acu ar an lá sin, ach cad faoi na hullmhúcháin uilig a bhíonn le déanamh roimh ré?

An brú a bhíonn ort agus tú ar scoil chun na paidreacha uilig a fhoghlaim mar is ceart, agus cleachtadh arís agus arís eile a dhéanamh ar an dóigh ba choir duit an comaoineach a thógail.

Agus is cinnte ar an lá go ndéanafaidh duine éigin dearmad cé acu an lámh chlé nó an lámh dheis ar choir a bheith ar bharr an chinn eile. Gan trácht a dhéanamh ar an fhaoistin a dhéanamh den chéad uair an tseachtain chéanna.

Tú i do shuí sa teach pobail le do chomhghleacaithe ag fanacht le dul isteach chuig an sagart, tú ag iarraidh cuimhne a dhéanamh ar na peacaí uilig atá déanta agat go dtí seo? Seo ar fad ag gabháil fríd d’intinn agus an scuaine ag iaraidh níos lú agus níos lú… cá mhead ‘Ár nAthair’ agus ‘Se do bheatha Mhuire’ a bheith ort a rá ina dhiaidh?

Cibé cuimhne atá agat ón aifreann féin, nó ó na rudaí éagsúla a dhéanann tú ina dhiaidh, is lá speisialta é ar go leor bealaí. Inniu ar ‘Súil Siar’ cluinfidh muid ón seisear Maggie Uí Ghallchóir, Eoghan Mac Grianna, Máire Nic Grianna, Donnchadh Cassie Ó Baoill, Josephine de Búrca agus Suzanne Uí Ghallchóir fán lá a fuair siad a gcéad chomaoineach.

súil siar - comaoineach
Close
Close