Mná Tí, a scéal - Rosemary Mhic Fhionnghaile

Tá muid ar ais an tseachtain seo leis an tsraith úr ‘Mná tí, a scéal’. Inniu tá muid i Machaire Rabhartaigh i nGaeltacht Chloch Cheann Fhaola agus muid i mbun cainte le Rosemary Ní Ghallchóir.

Thósaigh Rosemary ag coinneáil scoláirí in 1982 agus mar a dúirt sí í féin, is trí thimpiste a tharla sé. Tháinig an coláiste chuici agus iad gan aon teach amháin don chúrsa. San am sin bhí leanbh nach raibh ach sé seachtaine aici, ní raibh cistin ná urlár mar is ceart aici san am, ach bhí sorn agus cuisneoirí agus sin mar a thosaigh sí amach.

Deir Rosemary go bhfuil athrú mór tagtha ar an dóigh a bhfuil ag na scoairí sa la atá ann i gcomparáid leis an uair ar thosaigh sí amach. Deir sí féin go raibh suim acu éisteacht leis na scéalta a bhí aici féin agus ag fear an tí, go mbeadh siad sásta suí ina gcuideachta ag comhrá leo, agus muna raibh siad á dhéanamh sin bheadh siad taobh amuigh ag imirt peile agus ag súgadh faoin aer.

Anois bíonn na gutháin phóca, iPodanna agus na díritheoirí gruaige leo, cuid acu le díritheoirí gruaige bándearga, rud a chuireann iontas uirthi féin agus ar fhear an tí go háirithe.

Mná Tí, a scéalta - Rosemary Mhic Fhionnghaile
Close
Close