Insint Eile - Mánas agus Bríd

Sna 1930í cuireadh páistí bunscoile amach ar fud na hÉireann a bhailiú scéalta agus seanchais óna muintir. 80 bliain níos moille tá cuid de na scéalta céanna á léiriú mar scéaldrámaí ag páistí bunscoile an lae inniu.

Is sráith 12 dráma í ‘Insint Eile’ bunaithe ar scéalta ó Bhailiúchán na Scol. Is cnuasach de chorradh is leathmhilliún leathanach de lámhscríbhinní é ‘Bailiúchan na Scol’ a bailíodh idir 1937-39. Tá an bailiúchán uilig le fáil ar duchas.ie, suíomh de chuid Chnuasach Bhéaloideas Éireann.

Ag an am d’aithin beirt fhear, Séamus Ó Duilearga agus Seán Ó Súilleabháin, gur chóir saibhreas béaloidis agus seanchais na tíre a chaomhnú agus chuir siad scéim ar bun le páistí bunscoile a earcú chun an saibhreas sin a bhreacadh síos. Cuireadh ina luí ar mhuinteoirí na tíre, trí leabhrán treoirlínte agus eolas ar Ráidió Éireann, an tabhacht a bhí leis an ábhar seo agus tugadh comhairle dóibh maidir leis an dóigh is fearr le tabhairt faoin bhailiú. Cuireadh cóipleabhair chuig na scoileanna leis na scéalta a bhreacadh síos iontu agus cuireadh na páistí amach a bhailiú scéalta óna gcuid tuismitheoirí, sean-tuismitheoirí agus comharsan. Fuair siad béaloideas, scéalta Fiannaíochta agus Ruaraíochta, tomhaiseanna agus cluichí.  

Roghnaigh Macha Media 12 scéal a bailíodh i dTír Chonaill mar chuid den scéim le léiríu mar scéaldrámaí.  Eagraíodh éisteachtaí i nGaelscoileanna ar fud Chúige Uladh leis na haisteoirí is fearr a aimsiú chun na scéalta a chur i láthair an phobail arís.

Tá eolas i ngach físean sa tsraith seo faoin áit a bhfuarthas an scéal, faoin duine a bhailigh agus faoin té a d’inis an scéal don pháiste an chéad uair. 

Tá súil againn go mbainfidh sibh sult as an ‘Insint Eile’ seo ar bhéaloideas Uladh.

Ba é Macha Media a léirigh an togra seo le chuidiú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Coimisiún Bhéaloideas Éireann as an ábhar a chur ar fáil.  Tá tuilleadh eolais le fáil ag duchas.ie 


Sa scéaldráma seo déanann páistí ó Ghaelscoil Léim an Mhadaidh an scéal ‘Mánus agus Bríd’ a athinsint. Fuarthas an scéal ó Mháire Nic Fhionnlaoich ó Mhachaire Loiscthe, an Bun Beag, Contae Dhún na nGall.

Bhí Máire 68 nuair a d’inis sí an scéal 80 bliain ó shin.


Is féidir an buntéacs a léamh thíos.

Mánas agus Bríd - Buntéacs

Faisneiseoir – Máire Nic gCionnlaoi, An Bun Beag

http://www.duchas.ie/en/cbes/4428389/4403113

Bhí fear agus bean ina gcónaí ar an Mhachaire Loisce uair amháin a raibh Mánus agus Bríd mar ainm orthu. Fear beag, goirgeach a bhí i Mánus.  Bhí casáid le déanamh i gcónaí aige agus ní thabharfadh sé suaimhneas ar bith dona mhnaoi ar chor ar bith. Déarfadh sé céad uair sa lá nach raibh a dhath le déanamh aici ach ina suí agus na cosa sa luaith aici.

D’éist Bríd leis ar feadh tamaill mhaith ach sa deireadh dar léi go gcuirfeadh sise deireadh lena chuid cainte.  D’éirigh sí go luath ar maidin, scairt sí ar Mhánus agus d’iarr sí air amharc i ndiaidh an tí nó go raibh sise ag dul amach ag obair sa chuibhreann. D’éirigh Mánus agus thoisigh sé ar dheargadh na tine ach bhí an mhóin fliuch agus ní raibh cipíní ar bith le fáil aige agus le barr ar an donas d’éirigh na páistí agus thoisigh siad ag caoineadh ag iarraidh a mbricfeasta. Bhí an lá caite nuair a bhí an brisfeasta thart agus bhí sé ró-mhall lena páistí a ghreadadh chun na scoile agus shuigh siad sa ghríosaigh sa chasán aige.  Nuair a chuaigh sé amach a thabhairt a gcuid do na muca scáill sé muc acu agus d’imigh sí léi de rása fríd an bhaile agus achan scread nimhe aici. Bhí Mánus bocht i ndroch-dhóigh ach ní raibh deireadh lena chuid tubáistí go fóill.  Sheasaigh sé ar chathaoir ag cuartú casúir ar mhullach an driosúir.  Thit sé anuas ón chathaoir agus chuir sé a ghualainn as áit.  

Bhí a sháith de obair tí ag Mánus fán am seo agus smaointigh sé gurbh fhearr i bhfad ag obair amuigh.  Scairt sé ar Bhríd ach cha dtug sí lá áird air agus níor phill sí chun an bhaile go dtí an oíche. Thug Mánus isteach dithe ansin go raibh a seacht sáith le déanamh aici agus níor mhothaigh Bríd casáid uaidh ón lá sin gur cuireadh an ordóg ar an tsúil aige.

Close
Close