Insint Eile - An Óige, an Saol agus an Bás

Bailitheoir – Róise Ní Ghallchobhair

Faisneiseoir – Feidhlimidh Mac Grianna, Rann na Feirste

http://www.duchas.ie/en/cbes/4428381/4401967/4512360 

Bhí Fionn Mac Cumhaill agus a chuid fear lá amháin amuigh ag seilg, lá gairid geimhridh. Bhí spéarthaí dúnta dorcha ina luí anuas ar bharr na gcnoc. Teacht an tráthnóna dhruid ceo dlúth isteach ins na gleanntáin. Scaip na fir soir agus siar go dtí nár fágadh aon fhear ag Fionn ach Goll agus cúpla fear eile. Choinnigh siadsan greim ar a chéile i rith an ama. Shiúil siad leo fríd an tsliabh, ag titim agus ag éirí go dtí go raibh siad marbh sáraithe. 

Fá dheireadh chonaic siad marbhsholas i ndoimhneacht an tsléibhe agus tharraing siad air fá dheifre agus nuair a tháinig siad fhad leis, caidé bhí ann ach bothóg fhód. Bothóg bheag bhaoideach nach raibh áit suí nó seasaimh inti. Bhí doras cúng íseal uirthi agus ba deacair d'fhear chomh mór le Goll fáil isteach ar an doras chúng sin. B’éigean dó a dhul ar a cheithre bhoinn le fáil isteach. Ní raibh istigh sa bhothóg ach seanduine críon caite, uan caorach agus cailín óg. D’iarr siad foscadh an tí go maidin. Dúirt an seanduine nach raibh áit ag duine ar bith anseo ach iad féin. Dúirt siadsan nach rachfadh siad amach go maidin, bíodh sé sásta ná míshásta. 

Shuigh siad thart a chois na tineadh agus thoisigh an comhrá. Bhí an t-uan scaoilte ar fud an tí agus ní raibh suaimhneas le fáil acu uaidh. Chuir Fionn ceist ar an tseanduine caid é a ba chiall den uan a bheith scaoilte fríd an teach. 

“Ceangail thusa é,” arsa an seanduine, “más olc leat é bheith scaoilte.”

“Éirigh, a Ghoill,” arsa Fionn, “agus cuir an t-uan sa nasc.”

D’éirigh Goll de léim ina sheasamh agus bheir sé greim droma ar an uan. Scoith an t-uan a ghreim agus bhog leis fríd an teach. Bheir sé athuair air agus rinne an t-uan an cleas céanna. Dhruid Goll leis an tríú huair go feargach agus bheir lena dhá láimh air ach ba mhaith an mhaise den uan é, dhruid sé leis an fhear mhór go colgach agus shín sé ar shlait chúl a chinn sa tinidh é. D’amharc na fir ar a chéile agus níor labhair ceachtar acu. D’éirigh Goll go míshásta as cladach na tine agus shuigh sé ar an stól ar aist. 

Bhí cailín ina suí thiar i gclúdaigh na mónadh agus bhí Fionn ag tabhairt a shúile uirthi anois agus aríst. Fionn bocht bhí an chuid ab fhearr dá chuid laetha caite. Mar sin féin bhí súil aige ins na mná. Dhruid sé in aice léithe agus thug cogar daoithe. Tharraing sise a lámh agus bhuail sé ar fhad a leicinn le bois é.

“Bí ar shiúl,” ar sise. “Nuair a bhí mise agat, níor shíl tú mórán domh.”

“Ní cuimhneach liom go bhfaca mé araimh thú,” arsa Fionn, agus é chomh dearg le meadar fola. 

“Chonaic tú mé,” ar sise, “agus leoga ní raibh mórán measa agat orm.”

Thiontaigh Fionn ar shiúl uaithi go míshásta agus iontas air fán rud a dúirt sí leis.

Ag imeacht daofa ar maidin d’inis an seanduine míniú an scéil daofa. Dúirt sé gurb é an t-uan an saol agus urrúnta agus eile mar a bhí siad go bhfaigheadh an saol a gcloí agus a dtreascairt go fóill: gurb í an cailín óg an óige, agus nuair a bhí an óige acu, gur bheag a shíl siad dithe. Ach, ar sé, “is deacair ceann críonna a chur ar cholainn óig.” Gurb é a seanduine, é féin, an bás agus gur ghairid uathu a t-am go mbeadh siad ina chlupaidí-san.

Close
Close