Insint Eile - An Bhean a Bhí le Pósadh

Sa scéaldráma seo déanann páistí as Ard an Rátha an scéal ‘An Bhean a Bhí le Pósadh’ a athinsint. Bailíodh an scéal mar chuid de Scéim na Scol sna 1930í. Pádraic Ó Dubhthaigh as Anagaire i dTír Chonaill a d’inis an scéal seo i 1938.Tá téacs an scéil thíos.

Faisnéiseoir – Pádraic Ó Dubhthaigh, Anagaire

http://www.duchas.ie/en/cbes/4428382/4402298/4493522

Bhí bean ann uair agus bhí triúr fear le fáil aici le pósadh. Bhí cuid mhór airgid agus talaimh aici. Bhí an chéad fhear ina bhúistéir. Bhí an dara fear ina ghreasaí agus mac feirmeora a bhí sa tríú fear. Ní raibh a fhios aici cé acu den triúr a ghlacadh sí agus bhí sí i ndrocharán. Smaointigh sí ar chleas, oíche agus í ina luí ar a leabaidh. Chuir sí uirthi éideadh mná boichte agus chuaigh sí i mbréagriocht mná boichte. D’imigh sé léithe a chruinniú déirce.

Chuaigh sí an chéad oíche go teach an bhúistéara ach ní ró-shásta a bhí bean an tí lóistín na hoíche a thabhairt daoithe. Fá dheireadh i ndiaidh mórán cainte ligeadh isteach í. Nuair a tháinig an búistéir isteach chuir sé ceist ar a mháthair cad chuige ar lig sé isteach an seanrud sin agus bhí sé fá choinne an bhean bhocht a chaitheamh amach ar an chnoc. D’iarr an mháthair air a fágáil ansin, nach mbeadh sí acu ach oíche amháin. Fá dheireadh dúirt sé go dtiocfadh léithe fanacht go maidin.

Ar maidin d’éirigh an bhean bhocht go luath agus d’imigh sí léithe. Dúirt sí ina hintinn féin nach bpósfadh sí an búistéir. An dara hoíche chuir sí uirthi éideadh na mná boichte ar ais agus d’imigh sí a chruinniú. Chuaigh sí go dtí an teach a raibh an gréasaí ina chónaí ann. Lig bean an tí isteach í. Nuair a tháinig an gréasaí isteach d’fhiafraigh sé cárbh as a dtáinig an bhean bhocht agus cad chuige ar lig sí isteach í. D’iarr bean an tí air a fágáil ansin, nach mbeadh sí acu ach oíche amháin. Ach fuair an gréasaí greim uirthi agus chaith sé amach í. Dúirt ina hintinn nach bpósfadh sé an gréasaí. Ansin bhain sí an baile amach.

Ag am dinnéara an tríú lá chuir sí uirthi éideadh na mná boichte agus d’imigh sí ag tarraingt ar theach mhac an fheirmeora. Bhuail sí ar an doras. Tháinig bean an tí amach agus chuir ceist uirthi cad é bhí de dhíth uirthi. Dúirt sí go raibh sí ar lorg déirce. Bhí mac an fheirmeora ina shuí ag an tine agus d’iarr sé ar an mhnaoi bhoicht a theacht aníos agus a goradh a dhéanamh. Ansin d’iarr sé ar a mháthair dinnéar maith a thabhairt daoithe. Fuair sí dinnéar agus nuair a bhí sí ag imeacht dúirt fear an tí go raibh sí an-chosúil leis an chailín a raibh a mhacsan ina diaidh. Cúpla lá ina dhiaidh sin chuaigh an gréasaí, an búistéir agus mac an fheirmeora chuici agus chuir siad forrán pósta uirthi. Dhiúltaigh sí an gréasaí agus an búistéir agus ghlac sí mac an fheirmeora. Pósadh iad agus bhí saol sona ámharach acu.

Close
Close