Inis Seo Dom! Rossa Ó Snodaigh

Inis Seo Dom! Rossa Ó Snodaigh

Is é Rossa Ó Snodaigh, ceoltóir leis an ghrúpa ceoil Kíla, atá i mbun cainte ar Inis Seo Dom! inniu.

Le scór bliain anuas, sheinn Kíla ag féilte ceoil ar fud na cruinne, ina measc; Glastonbury, Witness, Féile Snagcheoil Montreaux agus Womadelaide san Astráil.

Tá cáil ar Rossa mar amhranaí, cumadóir, scríbhneoir, aisteoir agus mar ghníomhaí teanga.

Bíonn raon uirlísí éagsúla á sheinm aige; an fheadóg stáin, an fheadóg íseal, an chláirnéid, an basúcaí, na cnámha agus na spúnóga.

Labhair Meon Eile le Rossa faoina spéiseanna, faoina nósanna agus faoi chuimhní a óige.

Rossa Ó Snodaigh1
Close
Close