Idir Mise agus Tusa - An Peata Úr

Idir Mise agus Tusa  - An Peata Úr

Ba mhaith le hAoife peata úr, ach níl an mháthair s’aici cinnte an bhfuil sí mór go leor le haire a thabhairt dó. An bhfaighfidh Aoife peata? Agus cén cineál peata? Sin agallamh na seachtaine seo idir Cadhla agus Aoife as Bunscoil Eoin Báiste, Port an Dúnáin, Co. Ard Mhacha.

Idir Mise agus Tusa

Máthair

A Aoife a stóirín, A Aoife a chroí

Cad é mar a bhí do spraoi amuigh?

An bhfaca tú dineasar ansin insan pháirc,

Nó ar dhomhan na síog ar thug tú amharc?

Cailín

A Mhamaí chonaic mé rud míle uair níb fhearr

Agus dá mbeadh ceann agam bheadh sé thar barr!

Abair le do thoil go dtabharfaidh tú ceann dom

Is é atá uaim ná peata beag, madadh!

Máthair

Níl a fhios agam faoi sin a stór

Le coileán beag bíonn obair go leor!

Caithfear a shiúl i bhfad achan lá

Ní bheidh ann i ndáiríre ach stró is crá!

Cailín

Cad é a bhearfaidh mé air mar ainm?

Bran, Cú Aoife, Mac tíre nó Anlan?

Nó b’fhéidir Faolchú! Tá sé deacair a rá!

Cibé ainm a bheas air tabhfaidh mé dó grá!

Máthair

Ní shílím go bhfuil tú mór go leor

Le hamharc in dhiaidh madaidh a stór.

Cad é faoi hamstar, iasc órga nó pearoid glasuaine?

Bheadh peata mar sin níb fhóirsteanaí duinne.

Cailín

Le do thoil a Mhamaí, ach amharc ar a ghaosán!

Amharc ar a shúile a chluasa, a lapáin

Má fhaighim é seo, glanfaidh mé mo sheomra,

Ar thuras go Disneyland ní chluinfidh tú iomra!

Máthair

Tá brón orm a chroí, is oth liom a rá

Gheobhaidh tú peata am éigean ach ní seo an lá.

Tá go leor agam le déanamh ag amharc i do dhiaidh

Gan aire a thabhairt do mhadadh ar strae!

Cailín

D’inis Mamó dom faoi do mhadadh Benji

A fuair tú agus tú a hocht nó a naoi

Agus leis an madadh a fháil gur thóg tú rac!

Dúirt sí nár ghlan tú a riamh an các!

Máthair

Níl sin fíor, níor thóg mé i riamh rác.

Is cuimhin liom go maith ag glanann an cháic!

Cailín beag maith a bhí ionam riamh

Rinne mé i gconaí an rud a d’iarradh!

Caílín

Inis dom níos mó faoi do mhadadh Benji

An raibh sé donn, bán, dubh nó buí?

An raibh sé ard nó íseal, beag nó mór?

An raibh sé cairdiúil lán brí nó ciúin go leor?

Máthair

Bhí sé seimh agus cairdiúil, dílís ‘s cróga

Bhí an oiread cionne agamsa ar an rógaire.

In amanna sílím go gcrothnaim go fóill é!

Ah, thig leat a choinneáil, deán leaba réidh!

Cailín

Go raibh maith agat a Mhamaí! Tá an cinneadh déanta!

Cad é do bharúil den ainm Setanta?

Close
Close