Ceol na Clainne - Clann Mhic Ruairí

Ceol na Clainne - Clann Mhic Ruairí

Cuireann muid tús le ‘Ceol na Clainne’ inniu ar Meon Eile, sraith úr cheoil ina labhraíonn muid le teaghlach áirithe a bhfuil bua an cheoil acu.

Sa chéad chuid den tsraith tugann Seán Ó Baoill cuairt ar Chlann Mhic Ruairí i Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill.

Is ceathrar deartháireacha iad Tony, Aodh, Dónall agus Seán. Tá an teaghlach seo aitheanta le fada ach is le gairid a tháinig siad le chéile ag bualadh ceoil mar ghrúpa, i gcuideachta iníon Tony, Megan.

Tógadh an teaghlach le saibhreas cheol na Gaeltachta, ag foghlaim a gcuid amhrán ón tsean-ghlúin, agus iad anois ag tabhairt na n-amhrán ar aghaidh go dtí an chéad dream eile.

Féach thíos faoin fhís le teacht ar MP3 do na hamhráin.

Ceol na clainne - Clann Mhic Ruairí
Clann Mhic Ruairí - Thíos i lár an Ghleanna
Clann Mhic Ruairí - An Baitsiléir
Close
Close