Ceirdeanna – Déanamh na bPíob Uilleann le hÉamonn Curran

Tá tús á chur againn le sraith úr inniu dar teideal ‘Ceirdeanna’ ina dtabharfar léargas ar Ultaigh atá i mbun ceardaíochta lámhdmhéanta.

Le tús na sraithe, thug muid cuairt ar an phiobaire uilleann, Éamonn Curran, i gContae Mhuineacháin. Is múinteoir é Éamonn le Cumann Píobairí Ard Mhacha agus tá sé i ndiaidh seinm ag ceolchoirmeacha mórthimpeall na cruinne.

Tá Éamonn ag déanamh na bpíob le dhá scór bliain. D’fhoghlaim sé an cheird le linn dó a bheith ag obair ar na suíomhanna tógála i Londain, Sasana.

Chaith Meon Eile lá i gcuideachta Éamoinn, inár thaispeáin sé dúinn an tslí ina gcuirtear na píoba uilleann le chéile…

Éamonn Curran
Close
Close