Ceirdeanna – Cniotáil agus Cróise

Is as Anagaire ó dhúchas í Noreen Byrne. D’fhoghlaim sí an chniotáil óna máthair mhór nuair a bhí sí ina girseach óg agus chuir sí leis an cheird seo agus í ar scoil.

Bhí Noreen ar dhuine de na daoine a thosaigh comharchumann cniotála in Anagaire, rud a chuidigh go mór le mná na háite cúpla punt a shaothrú as geansaithe a chniotáil le díol.

Dúirt Noreen féin gur chuidigh seo leis an cheantar ina iomlán, mar ní raibh mórán eile ag tarlú fán áit ag an am. Labhair sí fá na patrúin traidisúnta a bhí ag mná áirthe agus an doigh a dtabharfaí na patrúin seo go dtí an chéad ghlúin eile, an dóigh chéanna ar fhoghlaim sí féin.

Ach, de reir a chéile, tháinig laghdú ar shuim na ndaoine óga sa chniotáil agus bhí an tseanghlúin ag imeacht, mar sin bhí ar Noreen an siopa a dhruid agus deireadh a chur leis an chomharchumann.

Le bliain anuas, áfach, tá Noreen ag foghlaim ceird úr, ceird na cróise Dúirt sí féin go bhfuil traidsiún láidir leis an cheird seo fán cheantar fosta agus í sasta go bhfuil sí mar pháirt den athbheochan atá ag tarlú sna Rosa. Tagann grúpa ban le chéile achan seachtain le haghaidh ranganna cróise.

Dúirt sí go bhfuil na ceirdeanna níos cruthaithí sa lá atá inniu ann, idir chniotáil agus chróise, agus go bhfuil an oiread dathanna deasa ann agus stíleanna éagsúla ann, rud a chonaic muid féin nuair a thug muid cuairt uirthi ina teach féin i nGaeltacht na Rosann i dTír Chonaill.

Cniotáil
Close
Close