Bua an Cheoil - JJ Ó Dochartaigh

J.j Ó Dochartaigh / Sarah de Búrca

Is as cathair Dhoire do JJ Ó Dochartaigh, fear atá tar éis clú mór a bhaint amach le tamall anuas mar gheall ar a chuid ceoil.

Bhí spéis mhór aige ann ó bhí sé an-óg agus d’fhoghlaim sé amhráin Ghaeilge sular fhoghlaim sé aon cheann i mBéarla.

Tá éileamh mór ar na haistriúcháin a dhéanann JJ ar amhráin cháiliúla Bhéarla agus na mílte cnag faighte acu ar Youtube.

Chomh maith leis an aistriúchán bíonn JJ ag cumadh a chuid ceoil féin, amhráin nua-aimseartha lán spraoi a chuidíonn go mór le daoine óga a spreagadh i dtreo an cheoil agus na teanga.

Tá súil ag JJ albam a chur amach sa todhchaí agus seans go mbeidh sé ag bunú banna ceoil fosta, mar sin is cinnte go mbeidh sé féin le feiceáil agus le cloisteáil timpeall na tíre lena chuid ceoil.

Close
Close